Lá Fhéile Bríde
Lá stairiúil, tábhachtach agus cáiliúil ar fud na tíre. Deireadh an gheimhridh, is na laethanta dorcha a thagann leis, agus tús leis an earrach, laethanta níos faide agus dea-aimsir.
Tá foclóir agus stair fhada ag baint le Bríd. Bhí meas ag na págánaigh uirthi mar bhandia, an méid sin gur fhan sí i gcroíthe mhuintir na hÉireann nuair a thosaigh cleachtadh an Chaitliceachais thart ar 1500 bliain ó shin.
Cé nach mbíonn na cleachtaí uilig ó na hamanna sin fós á dhéanamh go forleathan, is cinnte gur ceann amháin atá coimeádta againn ná crosóga Bríde a dhéanamh is a chrochadh inár dtithe.
Seo roinnt de na himeachtaí atá ar siúl an tseachtain seo inar féidir crosóga Bríde a dhéanamh.
Baile Átha Cliath: Ceardlann na Croise Bhríde agus Imbolg
Teacht an Earraigh Ceol agus Comhluadar
Aontroim: Ceardlann Déanta Crosóga Bhríde
Luimneach: Ceardlann na gcrosóg Bhríde le Fionán