Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Ceardlann cheoil d’fhoghlaimeoirí Gaeilge in Ard Mhacha

| ,

Cuireadh ceardlann cheoil ar siúl in Aonach Mhacha Dé Sathairn, ceardlann a bhí dírithe ar fhoghlaimeoirí Gaeilge.

Bhí réimse de cheol le cluinstin le linn na ceardlainne, idir amhráin thraidisiúnta agus chinn nua-aimseartha a aistríodh ón Bhéarla. Ba é sprioc na ceardlainne ná úsáid a bhaint as an cheol le píosa Gaeilge a mhúineadh do na foghlaimeoirí a bhí i láthair. Freastalaíonn cuid mhaith acu ar ranganna Gaeilge in Aonach Mhacha agus bhí sé mar aidhm ag Eoin Ó Ceallaigh, éascaitheoir na ceardlainne, cur leis an fhoghlaim seo ar bhealach éagsúil ón ghnáthrang teanga agus Gaeilge shaibhir na seanliricí a thaispeáint dóibh.

Labhair Meon Eile le hEoin agus le Tomás Ó Mealláin a d’fhreastail ar ranganna Gaeilge in Aonach Mhacha ar feadh na mblianta ach atá anois ag déanamh dioplóma sa teanga ar Ollscoil Uladh.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta