Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Bheadh Trump ciontaithe i dtriail mura mbeadh sé tofa athuair – abhcóide speisialta

| , ,

Deir an té a bhí i gceannas ar fhiosrúchán rialtas Mheiriceá faoi Donald Trump go raibh dóthain fianaise ann chun é a chiontú i dtriail as iarracht choiriúil a dhéanamh toradh thoghchán 202 a chur ar ceal

Bheadh Trump ciontaithe i dtriail mura mbeadh sé tofa athuair – abhcóide speisialta

Dúirt Smith go raibh dóthain fianaise ann chun Trump a chiontú i dtriail

Mura mbeadh sé tofa ina uachtarán athuair, bheadh dóthain fianaise ann Donald Trump a chiontú as iarracht a dhéanamh toradh thoghchán uachtaránachta 2020 a chur ar ceal go mídhleathach.

Sin a bhí le rá i dtuarascáil ón abhcóide speisialta Jack Smith, an té a bhí i gceannas ar fhiosrúchán rialtas Mheiriceá faoi Trump.

Dúirt Smith go raibh dóthain fianaise ann chun Trump a chiontú i dtriail ach go raibh sé dodhéanta dul ar aghaidh lena leithéid ó tharla gur éirigh le Trump i dtoghchán mhí na Samhna seo caite.

Mháigh Trump, atá le hinsealbhú mar uachtarán an tseachtain seo chugainn, go raibh Smith “as a mheabhair” agus nach raibh aon “fhírinne” sa mhéid a bhí sa tuarascáil.

Deir Smith ina thuarascáil go bhfuil cosc an-soiléir faoin mbunreacht ar leanúint ar aghaidh le huachtarán a dhíotáil agus a chiontú. B’amhlaidh an scéal, a deir Smith, beag beann ar a thromchúisí is bhí na coireanna nó a láidre is a bhí fianaise an rialtais ná cás na gcúisitheoirí.

“Go deimhin, mura mbeadh an tUasal Trump tofa agus ag filleadh go luath ar an uachtaránacht, ba í tuairim na hoifige gurbh leor an fhianaise inghlactha chun ciontú a fháil agus a choimeád i dtriail,” arsa Jack Smith.

Cuireadh i leith Trump gur chuir sé brú ar oifigigh torthaí thoghchán 2020, a chaill sé in aghaidh Joe Biden, a chur ar ceal. Cuireadh ina leith gur scaip sé bréaga d’aon turas faoi chalaois toghcháin agus go ndearna sé iarracht tairbhe a bhaint as an gcíréib ag an gCaipeatól in Washington ar an 6 Eanáir 2021.

Shéan Trump na líomhaintí sin.

Deirtear sa tuarascáil, ar scaoil an Roinn Dlí agus Cirt cuid di, go ndearna Trump iarracht nach bhfacthas a leithéid cheana fanacht i gcumhacht go mídhleathach agus gur bhain sé leas as “bagairtí agus gríosú foréigin in aghaidh na ndaoine a shíl sé a bhí ina naimhde aige”.

An mhímhacántacht  agus líomhaintí bréagacha a bhí mar bhunús le “hiarrachtaí coiriúla” Trump go léir, a deirtear.

Deirtear sa tuarascáil chomh maith gur dúshlán mór do lucht an fhiosrúcháin ab ea an tslí ar bhain Trump leas as na meáin shóisialta chun ionsaí a dhéanamh ar fhinnéithe, lucht na gcúirteanna agus oibrithe rialtais.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta