Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Teanga agus spórt Gaelach Mhanann á gceiliúradh ar bhonn nua

| , ,

Beirt imreoirí agus camáin ina nglaic acu atá le feiceáil ar thaobh tuathail an bhoinn agus íomhá de rí na Breataine Séarlas III atá le feiceáil ar an taobh deisil

Teanga agus spórt Gaelach Mhanann á gceiliúradh ar bhonn nua

Tá teanga Ghaelach agus spórt Gaelach Mhanann á gceiliúradh ar bhonn nua airgid atá eisithe ag an oileán beag Gaelach.

‘Cammag’ is ainm don chluiche camánaíochta a imrítear i Manainn, cluiche a bhfuil cosúlachtaí go leor aige le hiomáint na tíre seo agus le camanachd na hAlban. Tá léaráid de ‘cloie cammag’ nó ‘cluiche cammag’ á imirt in Balley Keeill Eoin (Baile Chill Eoin) agus na focail ‘Nollick Ghennal’ (Nollaig Shona) le feiceáil ar an mbonn nua dhá phunt atá eisithe ag Oik Postagh Ellan Vannin (Oifig an Phoist Oileán Mhanann).

Beirt imreoirí agus camáin ina nglaic acu atá le feiceáil ar thaobh tuathail an bhoinn agus íomhá de rí na Breataine Séarlas III atá le feiceáil ar an taobh deisil. Luach dhá phunt Mhanannacha atá ar an mbonn ach tá sé ar díol ar £14.50 (€17.50) i bpacáiste speisialta maisithe. Tá an bonn féin i mbolgán cosanta plaisteach sa phacáiste.

Murab ionann agus Éire agus Albain, luaitear an cluiche go sonrach leis an Nollaig i Manainn. Imrítear cluiche mór cammag ar Pháirc an Tinvaal in Balley Keeill Eoin Lá an Dreoilín chuile bhliain. Tugann foireann Thuaisceart an oileáin agus foireann Dheisceart an oileáin aghaidh ar a chéile amach roimh Shéipéal Eoin sa bhaile beag i lár an oileáin. Tosaíonn an cluiche ag a dó a chlog agus maireann sé uair an chloig agus é roinnte ina thrí chuid.

Níl na rialacha chomh cinnte céanna is atá i gcód imeartha Chumann Lúthchleas Gael ná Comann na Camanachd agus d’fhéadfadh breis agus leathchéad duine – idir fhir agus mhná – a bheith ar an bpáirc imeartha. Go deimhin, tá tagairtí ann do chluichí ina raibh suas le dhá chéad imreoir.

Meastar gur manaigh as Éirinn a thug an cluiche anonn go Manainn sa chúigiú haois, cé nach bhfuil fianaise i scríbhinn ann den chluiche go dtí 1760. Tugadh ceathrar os comhair na cúirte an bhliain sin mar gheall go raibh cluiche cammag á imirt acu Lá na Sabóide.

Tá airgeadra dá gcuid féin ag na Manannaigh – an ‘Punt Manninagh’ nó an Punt Manannach. Is ionann a luach agus punt na Ríochta Aontaithe cé nach nglactar leis sa Ríocht Aontaithe.  Tugadh an t-airgeadra isteach go hoifigiúil i 1679.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta