Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Lá Teaghlaigh na Nollag ar an Iúr

| ,

Eagraíodh Lá Teaghlaigh ar na mallaibh mar chuid de Teanga Tí, Scéim Teaghlaigh Glór na nGael, chun teaghlaigh a thabhairt le chéile agus bualadh le Daidí na Nollag roimh an lá mór.

Is in Iarsmalann an Iúir agus Mhúrn ag Caisleán Bagenal in Iúr Cinn Trá a cuireadh an t-imeacht ar siúl.

Bhí deis ag na teaghlaigh sult agus tairbhe a bhaint as na gníomhaíochtaí go léir agus giota ealaíne a dhéanamh. Ar ndóigh, thug siad cuairt ar Dhaidí na Nollag fosta agus fuair na páistí go léir bronntanas uaidh.

D’fhreastail Meon Eile ar an lá álainn seo agus labhair muid le hOifigeach Forbartha Teanga Tí, Aoife Ní Dhualáin, a d’eagraigh an t-imeacht agus le tuismitheoir áitiúil, Deirdre Mhic Mhathúna, a bhí iontach sásta a bheith i láthair lena páistí agus an Ghaeilge a chloisteáil i dtimpeallacht nádúrtha Nollaigiúil.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta