Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Deis don phobal casadh le foireann iomána na Gaillimhe ag ócáid speisialta ar an Spidéal

Cuirfear fáilte roimh an bpobal freastal ar an ócáid seo i rith na Nollag agus airgead á bhailiú ar mhaithe leis an RNLI agus Club Fo-Uisce na Gaillimhe.

Deis don phobal casadh le foireann iomána na Gaillimhe ag ócáid speisialta ar an Spidéal

 

Déardaoin, Nollaig 19 2024 ag 5:35 am

Tá foireann iomána na Gaillimhe le cuairt a thabhairt ar an Spidéal aimsir na Nollag mar chuid d’ócáid speisialta atá á eagrú ar mhaithe le hInstitiúid Náisiúnta na mBád Tarrthála [RNLI] agus Club Fo-Uisce na Gaillimhe.

Reáchtálfaidh bainisteoir na foirne Micheál Donoghue agus a chuid imreoirí seisiún traenála oscailte ar pháirc imeartha CLG An Spidéal, Páirc an Athar Mhic Suibhne, ar an Satharn, an 28 Nollaig.

Beidh fáilte roimh an bpobal ag an ócáid agus casadh leis an bhfoireann agus é i gceist airgead a bhailiú ar mhaithe leis an RNLI agus Club Fo-Uisce na Gaillimhe, dhá eagraíocht a bhí lárnach sa gcuardach a rinneadh do bhean óg as an áit a chuaigh ar iarraidh i gCuan na Gaillimhe an mhí seo caite.

Ba as Doire Locháin ar an Spidéal do Mháire Ní Fhátharta, a bádh go tragóideach nuair a chuaigh sí ag snámh amach ó Thrá na gCeann mí na Samhna. Ghlac thart ar 2,000 duine páirt sa gcuardach a mhair 11 lá.

Tá CLG An Spidéal ag eagrú na hócáide ar an 28 Nollaig i bpáirt le Supermac’s agus CLG na Gaillimhe. Cuirfear tús leis na himeachtaí ag 11.30rn agus beidh fáilte roimh chách an deis a thapú le casadh le hiománaithe an chontae.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta