Ón Satharn beag seo ní bheidh aon dualgais bhreise i leith na Gaeilge ar eagrais stáit toisc gur ligeadh do chóras reachtúil dul as feidhm gan aon chóras nua a chur ina áit.
Nuair a rachaidh córas na scéimeanna teanga, faoina leagtaí dualgais bhreise teanga ar eagrais stáit, as feidhm Dé Sathairn, beidh an stát ag brath arís ar dhea-thoil na n-eagras seirbhísí i nGaeilge a chur ar fáil.
Dheimhnigh Roinn na Gaeltachta do Tuairisc inné go rachaidh córas na scéimeanna teanga as feidhm gan aon chóras nua a bheith curtha ina áit.
Is faoin reachtaíocht teanga a tugadh isteach mí na Nollag 2021 a thiocfaidh deireadh le córas na scéimeanna teanga i ndiaidh an 21 Nollaig 2024, Dé Sathairn seo chugainn, trí bliana i ndiaidh achtú na reachtaíochta.
Mar nach ann fós don chóras nua atá beartaithe a thabhairt isteach, ní bheidh aon dualgas faoin dlí ar aon eagraíocht stáit aon seirbhís Ghaeilge a chur ar fáil seachas bunseirbhísí amhail comhfhreagras, fógraíocht agus comharthaíocht a bheith i nGaeilge.
Ón Satharn ar aghaidh, ní bheidh aon dualgas ar eagrais stáit aon seirbhísí breise a chur ar fáil i nGaeilge nach bhfuil luaite go sonrach sa bhunreachtaíocht teanga.
Is é córas na scéimeanna an córas a bhí ann le beagnach 20 bliain chun cur le líon agus caighdeán na seirbhísí Gaeilge atá ar fáil ón Stát, ach imeoidh sé anois gan aon chóras nua a bheith bunaithe ina áit.
Faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 tá córas nua le bunú, córas na gcaighdeán, in áit chóras na scéimeanna. Faoi chóras na gcaighdeán dhéanfaí rangú ar chomhlachtaí poiblí, bunaithe ar a dtábhacht agus ar an gcaidreamh atá acu leis an bpobal i gcoitinne, pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta san áireamh. Dhéanfaí na caighdeáin is airde ó thaobh seirbhísí Gaeilge a éileamh ó na heagraíochtaí sin is mó a bhíonn ag soláthar seirbhísí don phobal.
Deir an Roinn go gcuirfear tús leis an obair chomhairliúcháin a bhaineann le forbairt chóras na gcaighdeán “go luath” in 2025 ach níl aon spriocdháta luaite le bunú an chórais nua.
Meastar go bhféadfadh go mbeidh tamall fada ann sula mbeidh an córas réidh le cur i bhfeidhm agus dualgais bhreise le leagan ar chomhlachtaí maidir le seirbhísí i nGaeilge.
Beidh an obair níos casta mar go mbeidh deis ag comhlachtaí poiblí faoin reachtaíocht achomharc a dhéanamh faoin rangú a dhéanfar orthu.
Faoi chóras na gcaighdeán, chinnteodh Aire na Gaeltachta nach bhféadfadh comhlacht poiblí níos lú seirbhísí i nGaeilge a chur ar fáil ná mar a bhí á soláthar faoina scéim teanga, ach ní léir conas a oibreoidh an ghné sin den reachtaíocht anois ó tharla nach bhfuil aon dualgas níos mó ar chomhlachtaí poiblí scéim teanga a dhaingnigh an tAire a chur i gcrích.
Idir an dá linn, d’fhéadfadh go bhfágfar an pobal gan cuid mhaith seirbhísí a bheith ar fáil ina rogha teanga.
Chuir Roinn na Gaeltachta leasú i mBille Údarás na Gaeltachta (Leasú) 2024 a d’fhágfadh go bhfanfadh scéimeanna teanga i bhfeidhm go dtí go dtabharfaí córas na gcaighdeáin teanga isteach, ach theip ar an rialtas deireanach an bille sin a achtú.
Thug urlabhraí ó Roinn na Gaeltachta le fios do Tuairisc go mbeifí ag scríobh chuig eagrais stáit ag iarraidh orthu seirbhísí a chur ar fáil in ainneoin nach mbeidh dualgas reachtúil orthu iad a sholáthar.
“Ós rud é nach bhfuil an Bille sin [Bille an Údaráis] achtaithe go fóill, beidh an Roinn ag scríobh sna laethanta amach romhainn chuig gach comhlacht poiblí le meabhrú dóibh nár chóir aon laghdú a theacht ar leibhéil na seirbhísí i nGaeilge atá á soláthar acu [sula dtiocfaidh na caighdeáin teanga i bhfeidhm],” a dúirt urlabhraí de chuid Roinn na Gaeltachta le Tuairisc.