Deir Uachtarán na hÉireann Micheál D Ó hUigínn gur “clúmhilleadh amach is amach” ar mhuintir na hÉireann a rá go bhfuil siad “frith-Sheimíteach”.
Dúirt sé gur rud tromchúiseach a leithéid a rá faoi dhaoine agus gan aon chúis leis ach go n-easaontaíonn siad lena bhfuil ar siúl ag Príomh-Aire Iosrael, Benjamin Netanyahu.
Dúirt Uachtarán na hÉireann go raibh tuiscint mhaith i ‘sícé na hÉireann’ ar an mbrí atá le focail amhail díshealbhú agus forghabháil.
D’fhógair Iosrael ag an deireadh seachtaine go raibh a n-ambasáid in Éirinn á dúnadh acu toisc polasaithe míchuibheasacha frith-Iosrael a bheith ag rialtas na hÉireann agus go raibh “an uile líne dhearg” sáraithe acu.
Dúirt Dana Erlich, ambasadóir Iosrael chun na hÉireann, gur cinneadh an ambasáid a dhúnadh mar go raibh “an ghráin” a bhí á léiriú in Éirinn ar “aon rud a bhaineann le hIosrael” ag éirí níos measa.
Dúirt aire gnóthaí eachtracha Iosrael, Gideon Sa’ar, go raibh “beartais agus reitric fhrithSheimíteach” na hÉireann fréamhaithe in aithisiú an stáit Ghiúdaigh agus in iarracht an stát sin a dhéanamh neamhdhlisteanach.
De réir tuairisc ar RTÉ, cháin Uachtarán na hÉireann Príomh-Aire Iosrael Benjamin Netanyahu as sárú a dhéanamh ar an “oiread sin” den dlí idirnáisiúnta. Ag labhairt dó ag searmanas creidiúnaithe d’Ambasadóir Stát na Palaistíne, Jilan Abdaljamid, agus Ambasadóir na hIodáile, Nicola Faganello, mhaígh sé go raibh caint Iosrael faoi Éirinn mar chuid d’iarracht dochar a dhéanamh do chlú an stáit.
Cháin an tUachtarán athuair ionsaithe Hamas ar Iosrael ar an 7 Deireadh Fómhair 2023 ach cháin sé ionsaí díoltais Iosrael ar Gaza, ionsaí inar maraíodh os cionn 45,000 duine go dtí seo.







