Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Céatadán níos mó daltaí scoileanna lán-Ghaeilge ná daltaí scoileanna táille ag dul ar aghaidh go dtí an tríú leibhéal

| , ,
De réir figiúirí nua bhí Coláiste Íosagáin i mBaile Átha Cliath ar bharr liosta na scoileanna ar fad sa stát maidir le soláthar mac léinn d’institiúidí tríú leibhéal i mbliana

Céatadán níos mó daltaí scoileanna lán-Ghaeilge ná daltaí scoileanna táille ag dul ar aghaidh go dtí an tríú leibhéal

 

Dé Máirt, Nollaig 10 2024 ag 2:12 pm

Téann céatadán níos airde de dhaltaí scoileanna lán-Ghaeilge ar aghaidh go dtí institiúidí tríú leibhéal ná mar a théann daltaí ó scoileanna táille, de réir figiúirí nua.

De réir eolais a foilsíodh san Irish Times agus san Irish Independent ar maidin, bhí Coláiste Íosagáin i mBaile Átha Cliath ar bharr liosta na scoileanna ar fad sa stát maidir le soláthar mac léinn d’institiúidí tríú leibhéal i mbliana.

Trí cinn de ghaelcholáistí eile a bhí i measc an 20 iarbhunscoil is mó a sholáthair mic léinn d’institiúidí tríú leibhéal. Bhí Coláiste an Phiarsaigh i nGleann Maghair i gCorcaigh sa seachtú háit agus bhí Coláiste Pobail Osraí i gCill Chainnigh sa deichiú háit. Bhí Coláiste Eoin, atá ar an gcampas céanna le Coláiste Íosagáin, sa 14ú háit agus bhí Gaelcholáiste Cheatharlach sa 19ú háit.

96.4% de dhaltaí Ardteiste i scoileanna lán-Ghaeilge nach scoileanna DEIS iad a chuaigh ar aghaidh go dtí an tríú leibhéal, i gcomparáid le 92.4% i gcás scoileanna táille. 79.6% an meán náisiúnta a bhí ann do gach cineál scoile.

Maidir leis na scoileanna DEIS lán-Ghaeilge, chuaigh níos lú daltaí i mbliana ar aghaidh go dtí institiúid tríú leibhéal ná an meán náisiúnta. 55.9% a bhí i gceist i gcás scoileanna DEIS lán-Ghaeilge i gcomparáid le 63.8% i gcás scoileanna DEIS Béarla.

68% de dhaltaí scoileanna DEIS lán-Ghaeilge a chuaigh ar aghaidh dtí institiúid tríú leibhéal anuraidh.

Bíonn roinnt conspóide ag baint i gcónaí le liostaí seo na scoileanna freastail nó ‘feeder’. Dar le go leor saineolaithe oideachais nach dtugann liostaí dá leithéid léargas cruinn ar fheabhas scoile mar gheall ar a chúinge is atá na critéir agus an dearcadh a léirítear iontu ar cad is oideachas ann.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta