Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Caifé Mhacha oscailte arís i gCathair Ard Mhacha

| ,

Tá Caifé Mhacha, caifé de chuid an ionaid Gaeilge agus chultúrtha, Aonach Mhacha i gCathair Ard Mhacha, oscailte arís faoi bhainistíocht nua.

Is é Donagh Conroy Hannon, úinéir an chaifé Perfect Blends Tea Room & Treasure atá suite i lár na cathrach, a bheidh ina bhainisteoir ar Chaifé Mhacha anois. Tá clú agus rath ar Perfect Blends i measc an phobail agus táthar ag súil leis go meallfaidh sin tuilleadh daoine isteach chuig Aonach Mhacha anois le haghaidh greim bia, caife agus comhrá.

Tá Gaeilge ag foireann Donagh chomh maith, rud a chuirfidh go mór leis an atmaisféar. Beifear ag cur fáilte roimh an phobal uilig bualadh isteach ann, is cuma cén cumas Gaeilge atá agat: cúpla focal, líofacht, nó gach leibhéal eatarthu. Beidh fearadh na fáilte roimh achan duine.

Cuireadh oscailt mhór ar siúl ar na mallaibh le ceiliúradh a dhéanamh ar an chéim nua seo san ionad agus bhí an áit lán go doras. Bhí ceol agus siamsaíocht den scoth ann ó Chleamairí Ard Mhacha agus ó bhanna píobaí agus drumaí as an Phortaingéil.

Labhair Meon Eile le Cathaoirleach Aonach Mhacha, an Dr. Micheál Ó Duibh, agus leis an Oifigeach Forbartha Gaeilge, Eimear O’Hanlon, faoin dul chun cinn mór seo do phobal Ghaeilge Ard Mhacha.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta