Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Traenáil Teiripe Legobhunaithe d’oibrithe óige ó earnáil na Gaeilge

| ,

An tseachtain seo caite thug grúpa d’oibrithe óige ó earnáil na Gaeilge faoi threanáil Teiripe Legobhunaithe in oifig Youth Forum an Tuaiscirt, atá suite i lár Bhéal Feirste. 

Is cineál idirghabhála í an teiripe seo a théann i ngleic le réiteach fadhbanna, cumarsáid, scileanna éisteachta agus go leor eile tríd an súgradh agus trí ghníomhaíochtaí éagsúla a dhéanamh le brící Lego. D’éascaigh Carole Wilmont, bunaitheoir ‘CALM with Carole’, an seisiún do phrintísí na heagraíochta óige Fóram na nÓg agus d’oibrithe óige eile ó earnáil na Gaeilge. Eagraíodh an traenáil mar chuid de dhá lá foghlama dírithe ar an obair ghrúpa a fhorbairt. Ba é seo an chéad seisiún traenála Gaeilge ar an Teiripe Legobhunaithe, rud atá ina chéim ollmhór don obair óige Ghaeilge.

Cuideoidh an traenáil go mór leis na hoibrithe óige, go háirithe agus iad ag obair le páistí agus le daoine óga a bhfuil riachtanais oideachais speisialta acu nó a bhfuil deacracht acu a bheith ag caint. Is uirlis den scoth í chun anailís agus measúnú a dhéanamh ar bhealach neamhfhoirmeálta, is é sin trí ghníomhaíochtaí sultmhara. Is áis é chomh maith a chuideoidh leis an oibrí óige comhráití níos deacra a bheith acu leis an pháiste lena bhfuil siad ag obair agus a bheidh mar thaca ag na páistí dul i ngleic lena gcuid mothúchán. 

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta