Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Seoladh trí leabhar ag an aon ócáid amháin

| ,

An tseachtain seo caite seoladh trí leabhar ar leith i mBéal Feirste: an cnuasach filíochta ‘Lámha Bána agus Dánta Eile’ le Micheál Ó Conghaile; bailiúchán eile dánta dar teideal ‘Gafa i nGaza’ le Cathal Ó Searcaigh; agus an monagraf taighde ‘Teanga don Tost: Micheál Ó Conghaile, Cathal Ó Searcaigh agus an Aiteacht’ a scríobh an Dr. Seán Mac Risteaird as Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.

Teacht le chéile galánta a bhí ann i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich leis an triúr scríbhneoirí agus Dónall Mac Giolla Chóill mar fhear an tí. Labhair gach duine acu ar a saothar féin agus léigh na filí, Cathal agus Micheál, dánta dá gcuid amach don scaifte a bhí i láthair.

D’fhreastail Meon Eile ar an seoladh agus bhí an deis againn labhairt leis an triúr ina dhiaidh.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta