Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Seacht gceantar roghnaithe ag grúpa atá ag iarraidh lonnaíocht do chainteoirí Gaeilge a thógáil i mBaile Átha Cliath

| , ,

Beidh cruinniú ag an ngrúpa atá ag iarraidh “lonnaíocht Ghaeilge” a bhunú i mBaile Átha Cliath le cathaoirleach Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge Aengus Ó Snodaigh an tseachtain seo “le cur ina luí air go bhfuil [siad] ag iarraidh talamh a aimsiú” don togra.

Tá comhlacht teoranta faoi ráthaíocht – Lonnaíochtaí Gaeilge Teo – bunaithe ag lucht an fheachtais, Caoimhín Ó Cadhla agus Erin Mac an tSaoir, leis an bhfís atá acu lonnaíocht do chainteoirí Gaeilge a thógáil san ardchathair a thabhairt chun críche. Tá innealtóir, Aidan Kinsella as contae Lú, fostaithe ag Lonnaíochtaí Gaeilge le bheith ag plé leis an bpróiseas pleanála.

Ag labhairt dóibh ag cruinniú faoin togra a reáchtáladh ag Oireachtas na Samhna, thug Ó Cadhla agus Mac an tSaoir le fios gur fhreagair 108 duine a bhfuil spéis acu cónaí ina leithéid de lonnaíocht an suirbhé a cuireadh amach i mbliana.

“Tá muid ag tabhairt faoi deara go bhfuil daoine ag iarraidh a bheith ina gcónaí laistigh de chúig ciliméadar de lár na cathrach, go mbeadh meascán tithíochta ar fáil – idir árasáin agus tithe, tithíocht ar cíos agus le ceannach – agus go mbeadh níos mó ná tithíocht amháin sa lonnaíocht. Táthar ag súil le seirbhísí óige, ionaid phobail, agus ceangal maith leis an gcóras iompair poiblí, agus áiseanna eile do phobal na lonnaíochta,” a dúirt Ó Cadhla.

Dúirt sé go bhfuil roinnt áiteanna laistigh den chúig chiliméadar a luaigh lucht freagartha an tsuirbhé “aimsithe agus aitheanta” ag an gcomhlacht a d’fheilfeadh do lonnaíocht a mbeadh spás do thuairim is 300 duine ann.

“Tá go leor talamh stáit ag an nGníomhaíocht Forbartha Talún, agus tá fiosrú déanta againn le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath freisin ach ní raibh siad in ann a rá linn cén talamh a bhí acu. Táimid ag plé leis an Eaglais Chaitliceach freisin le talamh a aimsiú.

“Tá seacht láthair aitheanta againn cheana féin a bheadh oiriúnach don lonnaíocht: Iosta Bus Chnoc Críonáin, Stáisiún Dóiteán na Trá Thuaidh, Iosta BSL ar Bhóthar na Lotaí Theas, Stáisiún Dóiteáin Shráid Brunswick Thuaidh, Iosta Bus na Rinne, Stáisiún Dóiteáin Bhóthar na gCloch, agus Ospidéal Naomh Bricín,” a dúirt Ó Cadhla.

Dúradh ag an gcruinniú gur mhaith le Lonnaíochtaí Gaeilge tithe do 300 duine a chur ar fáil ar dtús ach go bhfaighfí áit a mbeadh spás ann le cur le líon na dtithe amach anseo.

“Tugadh talamh do Pháirc na Gaeltachta i bhFionnbhrú i dtuaisceart na cathrach sna 1930idí ach níor éirigh leis an lonnaíocht sin mar bhí sé srianta agus cuireadh srian ar an bhfás. Táimid ag iarraidh go mbeidh breis tithe ann sa todhchaí. Tá sé go maith go mbeadh lonnaíocht ann, ach níos fearr fós go mbeadh siopaí ann. Beidh sé sin mar chuid den phlean – baile atá muid a iarraidh,” a dúirt Ó Cadhla.

Táthar ag breathnú ar na socruithe agus rialacháin atá ag Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath don chóiríocht do mhionlaigh freisin, agus súil ag Lonnaíochtaí Gaeilge go bhféadfaí a chur ina luí ar an gComhairle Cathrach gur cheart “riachtanas tithíochta” a bheith ann do phobal na Gaeilge.

“Rinneamar taighde le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath faoin tithíocht shóisialta a chuirtear ar fáil. Más duine den lucht siúil thú, mar shampla, tá áit faoi leith ann duit agus ba mhaith linn go mbeadh riachtanas ann do phobal na Gaeilge freisin. Bhí daoine a d’fhreagair an suirbhé ag iarraidh tithe sóisialta, tithe saoire, áit ar cíos, agus áit ar díol agus táimidne ag iarraidh freastal ar gach rud.

“Is é an talamh an chéad chéim eile. Más féidir an talamh a fháil is féidir iarratas pleanála a chur isteach, is féidir ailtirí a fháil agus is féidir pleanálaí teanga a fháil chomh maith.

“Tá tuiscint i bhfad níos fearr againn ar an bpleanáil teanga agus ar an tábhacht a bhaineann léi sa lá atá inniu ann, ar shlí nach raibh nuair a rinneadh iarrachtaí eile lonnaíocht Ghaeilge a bhunú i mBaile Átha Cliath. Beidh sé tábhachtach don lonnaíocht nua seo plean teanga a bheith i bhfeidhm ann,” a dúirt sé.

D’iarr Erin Mac an tSaoir ar a raibh ag an gcruinniú a bheith ag smaoineamh ar an Olltoghchán atá ar na bacáin agus “brú a chur ar na polaiteoirí” faoi cheist na tithíochta i mBaile Átha Cliath agus ceist na lonnaíochta Gaeilge, go háirithe.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta