Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Léiriú scannáin faoi streachailt na bpobal dúchais san Amasóin

| ,

D’eagraigh an grúpa Meitheal Uí Chadhain léiriú scannáin i mBéal Feirste faoi streachailt na ndúchasach Amasónach ar na mallaibh.

The Sick Forest ba theideal don scannán a thaispeánann an dochar atá á dhéanamh ag corparáidí mianadóireachta san Amasóin agus an tionchar atá aige sin ar an phobal dhúchasach, na Munduruku. Ba dhream d’óige na Munduruku a rinne an scannán chun aird a tharraingt ar na fadhbanna sláinte agus timpeallachta a bhfuil a bpobal féin ag streachailt leo mar gheall ar an mhianadóireacht a dhéantar sa cheantar.

Bhí deis ag an lucht féachána cluinstin ó na daoine a rinne an scannán agus iad ar scairt físeáin roimh thús The Sick Forest. I ndiaidh an scannáin, bhí ceardlann cheoil á stiúradh ag cuairteoirí ón Bhrasaíl mar mhalartú cultúir.

Eagraíodh an t-imeacht seo toisc go mbeidh Meitheal Uí Chadhain ag dul ar thuras dlúthpháirtíochta chun na hAmasóine i mí Feabhra. Labhair Meon Eile le hEoghan Ó Garmaile a d’eagraigh an léiriú scannáin agus a bheidh ag dul ar an turas sin mar bhall den Mheitheal.

Buíochas leis an Wakoborun Audiovisual Collective as gearrthóga den scannán a chur ar fáil dúinn.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta