Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Gort na Móna 50 bliain ar an fhód

| ,

Is club aitheanta CLG é Gort na Móna, atá suite in Uachtar Cluanaí, Béal Feirste, agus i mbliana, tá sé ag ceiliúradh 50 bliain ar an fhód.

Leis an chlochmhíle shuntasach sin a chomóradh, chinn an club ar chlár faisnéise a dhéanamh, ag insint scéalta agus stair an chumainn ón bhliain 1974 ar aghaidh.

Thug Meon Eile cuairt ar an chéad léiriú den scannán Gort na Móna: Pride of the Turf. Labhair muid le stiúrthóir an chláir, Ciarán Ó Brolcháin, atá ina bhall den chumann, faoin spreagadh a bhí taobh thiar de. Dúirt sé linn go raibh sé mar aidhm aige scéalta pearsanta na ndaoine a bhunaigh an club a insint, chomh maith le cluinstin ó na daoine óga a bhíonn ag imirt leo inniu.

Labhair muid fosta le Ronán Ó Scolláin agus le Katie Ní Eireamhóin. D’inis siad dúinn faoin ról larnach atá ag an chlub i saol sacu agus faoin fhorbairt ollmór atá tagtha ar an chlub thar na blianta.

Thig leat amharc ar Gort na Móna: Pride of the Turf anseo.

Tá muid go mór faoi chomaoin ag Gort na Móna agus NVTV as a gcuid tacaíochta leis an fhíseán seo a dhéanamh.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta