Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

DIALANN TOGHCHÁIN: Pobalbhreitheanna TG4, féasta Fhianna Fáil agus comhairle Sheáin a’ Chóta

| , , ,

Is iomaí blas i dtorthaí phobalbhreitheanna TG4

Cuirfear an-suim go deo san oíche amárach i dtorthaí na chéad phobalbhreithe atá ag TG4 dúinn – Gaillimh Thiar. Bí cinnte go mbainfidh na meáin go léir ceannlíne as scéal an iarchraoltóra, Gráinne Seoige (FF), bíodh sí ag déanamh go maith, olc nó measartha.

Ach dáilcheantar suimiúil a bhíonn i nGaillimh Thiar i gcónaí agus aon uair amháin riamh a atoghadh an dream céanna ann dhá thoghchán i ndiaidh a chéile.

Gan dabht, beidh a léamh féin ag na polaiteoirí ar thorthaí na pobalbhreithe, agus ní gá gurb é an dá mhar a chéile acu i gcónaí dea-thoradh agus dea-scéal.

In 2016 léirigh pobalbhreith TG4 i nGaillimh Thiar go raibh tacaíocht an-íseal ag an neamhspleách Noel Grealish. “Codlóidh mé go sámh anocht,” arsa Grealish nuair a cuireadh ceist air faoin ‘drochscéal’.

Fuair Grealish vóta i bhfad níos airde ná mar a tugadh le fios sa phobalbhreith agus toghadh gan mórán stró é.

An bhliain chéanna chuir torthaí phobalbhreith TG4 i gCiarraí iontas ar dhaoine. Agus é díreach fógartha go mbeadh Danny Healy-Rae ag dul san iomaíocht i dteannta a dhearthár, Michael, léirigh na torthaí go mbeadh dhá shuíochán ag muintir Chill Gharbháin. Is cosúil go raibh Michael Healy-Rae ar buile faoin ‘dea-scéal’ seo. Bhí sé ar an bhfón láithreach ag iarraidh a fháil amach an amhlaidh gur “below in Kilgarvan” a dhein TG4 an suirbhé.

Tá Michael agus Danny sa Dáil ó shin.

Ag cothú saighdiúirí coise na cinniúna

Gránóla, iógart ar bheagán saille, torthaí, cnónna agus caora an bia catha a bhí leagtha amach i gceannáras olltoghcháin Fhianna Fáil an chéad mhaidin d’fheachtas 2011. Bhí alltacht ar sheana-apparatchikí Fhianna Fáil agus gan aon sight ar an sausage roll fhéin. Bhí sirriam nua i Sráid an Mhóta, an ceannaire nuathofa Micheál múinte mánla Martin. 13 bliain níos déanaí agus tá an Corcaíoch fós i bhfeighil ar Fhianna Fáil, ach an bhfuil na maidí ligthe le sruth ag Fianna Fáil ó thaobh sláinte shaighdiúirí coise na cinniúna de?

‘Fianna Fáil promises to decriminalise drug possession for personal use at manifesto launch,’ a dúirt ceannlíne ar shuíomh an Irish Examiner an lá eile. Bhí orainn é a léamh an dara huair. Sea, ní foláir nach raibh sa ghránóla ach gateway drug.

Comhairle Sheáin a’ Chóta

Cuimhnímid mar a dhéanaimid i gcónaí ag tús feachtais toghcháin ar Sheán óg Caomhánach, an scríbhneoir Duibhneach.

‘Nuair a bhíd ag lorg guth bíd ana-áiféiseach ina gcuid geallúintí,’ a dúirt Seán a’ Chóta.

‘Bheadh mo mhuinín agam as an té a gheallfadh dom go dteipfeadh sé orm,’ a dúirt sé.

Cuimhnigh ar an gcomhairle sin nuair a thiocfaidh an cnag ar an ndoras.

Téarmaí toghcháin

Táimid chomh tinn tuirseach de bheith ag éisteacht le tráchtairí ag cur Simon Harris i gcomparáid leis an Duracell Bunny gur ar éigean go raibh an bhrí fágtha ionainn leagan Gaeilge a lorg. Dhéanfadh an Coinín Duracell an chúis, nach ndéanfadh? ‘Dhéanfadh,’ arsa ár gcomhairleoir teanga, ‘ach bheadh Coinín an Chadhnra níos deise.’

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta