Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Ciorcal Comhrá Ionad Uíbh Eachach ar turas

| ,

Is ionad pobail é Ionad Uíbh Eachach atá suite i gceantar na bhFál i mBéal Feirste. Achan mhaidin Dé Céadaoin idir Meán Fómhair agus Meitheamh, cuirtear ‘Comhrá, Caife agus Cuideachta’ ar siúl ann. Ciorcal comhrá atá ann a fhreastalaíonn ar dhaoine a bhfuil Gaeilge acu ag an bhunleibhéal agus ag an mheánleibhéal. 

An tseachtain seo, thug an grúpa cuairt ar oifigí Chonradh na Gaeilge i mBéal Feirste le níos mó a fháil amach faoi ghluaiseacht na Gaeilge sa chathair. Rinne Cuisle Nic Liam ón Chonradh cur i láthair don rang faoin ghníomhaíochas teanga sa cheantar agus thóg siad stór focal leo lena úsáid ina ngnáthshaol.

Labhair Meon Eile le Cuisle faoin tábhacht a bhaineann le daoine atá ag foghlaim na teanga a ghlacadh amach as an seomra ranga agus iad a chur i gcomhthéacseanna eile ina labhraítear an Ghaeilge ó lá go lá.

Bhí seans againn fosta labhairt le Gerry Mac Liam atá i mbun an chiorcail comhrá faoin atmaisféar dearfach sa rang agus an mhuinín a thugann sé do na foghlaimeoirí bogadh chun cinn lena gcuid foghlama.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta