Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Bua ag Kneecap san Ardchúirt i mBéal Feirste

| , ,

Bronnadh £14,250 (€17,000) ar Kneecap tar éis don chúirt a rialú go raibh cinneadh Kemi Badenoch ‘mídhleathach agus éagothrom ó thaobh nós imeachta de’

Bua ag Kneecap san Ardchúirt i mBéal Feirste

“Cic éirice gan cúl báire” a bhí i gcás cúirte an bhanna ceoil Kneecap in Ardchúirt Bhéal Feirste in aghaidh an iar-aire Stáit Comhionannais Kemi Badenoch faoina cinneadh gan maoiniú a thabhairt don bhanna ceoil.

I ráiteas a d’eisigh Kneecap i mBéarla tar éis an cás a bhuachan ar maidin, maíodh gur thug a ndlíodóir agus a gcuid abhcóidí – Darragh Mackin, Joe Brolly, agus Ronan Lavery – le fios don bhanna sular éisteadh an cás gur “cic éirice gan cúl báire” a bhí ann is go mbeadh an bua go héasca ag na ceoltóirí as Iarthar Bhéal Feirste.

Bronnadh £14,250 (€17,000) ar Kneecap tar éis don chúirt a rialú go raibh cinneadh Badenoch, atá anois ina ceannaire ar an bPáirtí Caomhach, “mídhleathach agus éagothrom ó thaobh nós imeachta de”.

Dúradh sa chás cúirte gur cuireadh Kneecap ar an ngearrliosta do dheontas ón Scéim Foráis Easpórtála Ceoil [MEGS] agus gur cheadaigh painéal earnála an deontas. Ba faoin Roinn Gnó agus Trádála agus faoin Roinn Cultúir, Meán, agus Spóirt a bhí an cinneadh deiridh, áfach, agus dhiúltaigh Badenoch – a bhí ina Rúnaí Gnó – an maoiniú a thabhairt.

Mhaígh Kneecap inniu go ndearnadh an cinneadh sin mar gheall nár thaitin sé leis an bPáirtí Caomhach “go gcuireann [an banna ceoil] in aghaidh rialú na Breataine in Éirinn” agus gur thacaigh siad le “haontú na hÉireann”.

Dúirt an banna ceoil, a tharraing aird idirnáisiúnta orthu féin le bliain anuas lena scannán Kneecap, go bhfuil an t-airgead a ghnóthaigh siad san Ardchúirt inniu le bronnadh acu ar chlubanna óige “ar an dá thaobh den phobal” – club óige i mBaile Uí Mhurchú agus club óige ar Bhóthar na Seanchille.

“Ní faoin £14,250 a bhí an caingean dlí seo riamh, d’fhéadfadh caoga pingin a bheith i gceist. Ba é an comhionannas a spreag muid. B’ionsaí é seo ar chultúr na n-ealaíon, b’ionsaí é ar Chomhaontú Aoine an Chéasta féin, agus b’ionsaí é ar Kneecap,” a dúirt siad.

Chuir siad i leith Rialtas na Breataine go ndearna sé “gníomh cineál faisisteach” nuair a blocáladh an deontas mar gheall go ndearnadh “iarracht stop a chur le healaín nár aontaigh lena ndearcadh tar éis d’eagras neamhspleách cinneadh a dhéanamh” faoin maoiniú.

D’eisigh Rialtas na Breataine ráiteas inar deimhníodh nach mbeidís ag leanacht ar aghaidh leis an gcás tar éis chinneadh na hArdchúirte inniu. Dúradh gurb é tosaíocht an rialtais “iarracht a dhéanamh costais a laghdú” agus dá bharr sin go gcosnófaí an cáiníocóir ar “a thuilleadh costais”.

“Ní chuirfimid in aghaidh cás Kneecap níos mó mar ní chreidimid gur ar leas an phobail a bheadh sé. Is í earnáil an cheoil dlúth agus inneach ár ngeilleagair agus táimid tiomanta leanúint orainn ag tacú le ceoltóirí bláthú agus briseadh isteach i margaí nua, trínár gclár MEGS – clár a thacaigh le tuairim is 400 ceoltóir camchuairteanna a dhéanamh ar fud an domhain,” a dúradh sa ráiteas.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta