Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

An aithneofar foraois iomlán mar chomhúdar amhráin?

| , , ,

Tá iarracht ar bun foraois iomlán in Eacuadór a aithint go dlíthiúil mar chomhchruthaitheoir amhráin.

Cuirfear achainí faoi bhráid údarás cóipchirt Eacuadór gan mhoill chun aitheantas a thabhairt don néalchoill Los Cedros mar bhall den fhoireann a chruthaigh an t-amhrán ‘Song of the Cedars’ (Amhrán na gCéadar).

Is é an ceoltóir Cosmo Sheldrake, an scríbhneoir Robert Macfarlane, an míceolaí Giuliana Furci agus an scoláire dlí César Rodríguez-Garavito a chum an t-amhrán agus iad ar thuras allamuigh in iarthuaisceart na tíre ar mhaithe le taighde a dhéanamh do leabhar nua de chuid Macfarlane ina bpléann sé na cearta bunúsacha atá ag an dúlra féin.

“Ní san fhoraois a scríobhadh an t-amhrán, is leis an fhoraois a scríobhadh é,” arsa Macfarlane.

“Ar feadh seal gairid bhí muid mar chuid de bheatha leanúnach na foraoise agus ní fhéadfadh muid é a scríobh gan an fhoraois. Comhúdar atá ann gan aon agó.”

Néalchoill atá in Los Cedros agus tá na fuaimeanna iomadúla atá le cluinstin inti – moncaithe, ialtóga, feithidí agus an fásra féin – fite fuaite i bhfabraic an amhráin.

“An fuaimdhreach a bhaineann le héiceachóras ar leith, is rud uathúil é sin,” arsa Cosmo Sheldrake, ar mac é leis an eolaí chlúiteach Shasanach, Rupert.

“Is féidir smaoineamh ar chónascadh na bhfuaimeanna ar fad mar ‘guth’ na háite. In éiceachóras sláintiúil, d’fhorbair na speicis ar bhealach a bhféadfadh siad cumarsáid a dhéanamh le chéile gan fuaimeanna a chéile a mhúchadh. Foinse mhór inspioráide a bhí sa mhéid sin. Guth beo Los Cedros atá san amhrán seo.”

Tá abhár dóchais áirithe ag an fheachtas nó in 2021 chinn cúirt bhunreachtúil Eacuadór gur eintiteas dlíthiúil é an néalchoill, breithiúnas stairiúil a chuir cearta mianadóireachta ar ceal sa dúiche.

Má éiríonn leis an achainí reatha, beidh sé ar an chéad uair riamh i stair na cruinne a bheidh neach nach duine daonna é aitheanta mar údar morálta saothair ealaíne.

Is féidir éisteacht le ‘Song of the Cedars’, agus tú féin a thumadh i bhfuaimeanna saibhre Los Cedros, ar Youtube agus Spotify.

The post An aithneofar foraois iomlán mar chomhúdar amhráin? appeared first on NÓS.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta