Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Tuilleadh moille le tograí chun stop a chur le scaoileadh séarachais amh ar an gCeathrú Rua agus ar an bhFál Carrach

| , , ,

Tá An Cheathrú Rua i nGaillimh agus An Fál Carrach i nDún na nGall ar phéire de 16 baile ar fud na tíre ina bhfuil séarachas amh á chur i bhfarraige nó amach in aibhneacha nó lochanna

Beidh 2030 ar a laghad ann sula gcuirfear stop le scaoileadh séarachas amh i bhfarraige in dhá bhaile Gaeltachta agus tuilleadh moille i ndán do thograí cóireála iontu.

Tá An Cheathrú Rua i gConamara agus An Fál Carrach i nDún na nGall ar phéire de 16 baile ar fud na tíre ina bhfuil séarachas amh á chur i bhfarraige nó amach in aibhneacha nó lochanna, a deirtear sa tuarascáil is déanaí ag an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (EPA).

Tá fadhb an tséarachais aitheanta le blianta fada sa dá cheantar ach meastar go mbeidh pobal na mbailte sin ag fanacht roinnt mhaith blianta eile sula dtiocfaidh réiteach ar an scéal.

Bhíodh Uisce Éireann ag tabhairt le fios go raibh sé i gceist go mbeadh ionad cóireála fuíolluisce tógtha ar an gCeathrú Rua faoi 2027 ach tá síneadh trí bliana curtha le dáta críochnaithe an togra sin anois agus é ráite go mbeidh 2030 ann faoin am go gcuirfear stop le scaoileadh an tséarachais amh amach i gCuan Chasla.

Níl an suíomh don ionad cóireála fiú roghnaithe ag Uisce Éireann. Bhí sé beartaithe an t-ionad a thógáil ag Céibh an tSrutháin ar an gCeathrú Rua agus iarratas curtha isteach ar chead phleanála in 2018 ach diúltaíodh don iarratas sin agus tháinig casadh eile sa scéal nuair a fógraíodh go raibh cead pleanála tugtha chun ionad oidhreachta agus cultúrtha a thógáil ag an suíomh céanna.

Tá an sprioc do chóras cóireála don Fhál Carrach curtha siar freisin ó 2028 go dtí 2030, de réir na tuarascála seo ón EPA. Bhí staidéar timpeallachta ar bun ag Uisce Éireann anuraidh mar chuid den togra ach is léir anois go mbeidh tamall eile ann sula gcríochnófar an togra.

Tá ráiteas iarrtha ag Tuairisc ar Uisce Éireann maidir le céard is cúis leis an moill i gcás na dtograí ar an bhFál Carrach agus ar an gCeathrú Rua agus céard é staid reatha na dtograí.

Tá baile Gaeltachta eile, an Spidéal, luaite sa tuarascáil nua chomh maith agus é bainte den liosta de na bailte ina bhfuil séarachas amh á chur i bhfarraige. Bhí an Spidéal aitheanta mar cheantar tosaíochta náisiúnta ag an EPA ach ó tháinig an t-ionad cóireála a thóg Uisce Éireann ar an mbaile i bhfeidhm in 2023, tá an t-uisce atá á scaoileadh cóireáilte agus sábháilte agus feabhas tagtha ar chaighdeán an uisce ar an trá áitiúil, Trá na mBan, dá bharr.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta