Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Trí seachtaine go Féile Liteartha Chorca Dhuibhne

| , ,

Níl le fanacht ach trí seachtaine go gcruinneoidh scríbhneoirí, filí agus léitheoirí i gCiarraí d’Fhéile Liteartha Chorca Dhuibhne ar an 15 Samhain. Mairfidh an fhéile trí lá i nDaingean Uí Chúis. Tá clár lomlán eagraithe ag lucht na féile i mbliana idir ceardlanna filíochta, imeachtaí do pháistí agus painéil chainte i nGaeilge.

Déanann Féile Liteartha Chorca Dhuibhne ceiliúradh ar shaothar litríochta de chuid scríbhneoirí na hÉireann. Tugann sí deis d’údair agus d’aistritheoirí a gcuid oibre a phlé agus gréasánaíocht a dhéanamh le díograiseoirí litríochta eile.

Féach thíos cuid de na himeachtaí is mó i mbliana.

Ficsean

 

Maidhc Oscailte — Tráthnóna lán le Scéalta, Filíocht agus Craic
Beár Mhic Cárthaigh — 15/11/24 — 21:00

Cuirfear fáilte roimh scríbhneoirí leabhar, scríbhneoirí gearrscéalta agus filí a saothar a roinnt ar maidhc oscailte i mBeár Mhic Cárthaigh ar an chéad oíche den fhéile. Idir scríbhneoirí aitheanta agus an chéad ghlúin eile de scríbhneoirí, beidh neart le cloisteáil.

Billy O’Shea – Strange Tales from the North
Siopa Leabhar Dhaingean Uí Chúis — 17/11/24 — 16:30

Is údar é Billy O’Shea a bhfuil cónaí air i gCóbanhávan. Tá gearrscéalta, filíocht agus drámaí scríofa aige agus beidh sé ag plé an idirghníomhaithe idir an ealaín liteartha agus an ealaín fhísiúil.

 

Neamhfhicsean

 

Liam Ó Néill – Riastáil le Cormac Begley agus Sláine Ní Chathalláin
Ionad an Bhlascaoid — 16/11/24 — 16:30

Seolfar saothar nua Liam Uí Néill, Riastáil, in Ionad an Bhlascaoid ar an Satharn. Cuirfidh Liam a leabhar nua i láthair agus cluinfear ceol traidisiúnta agus ceol ar an sean-nós ó Cormac Begley agus Sláine Ní Chathalláin.

Ealaín an Aistriúcháin: Comhrá le Bridget Farrell agus Deirdre McMahon
An Díseart — 17/11/24 — 12:00

Beidh Bridget Farrell, bunaitheoir de chuid an chomhlachta foilseacháin Bullaun Press, agus Deirdre McMahon, a bhfuil leabhair do dhaoine fásta agus do pháistí aistrithe aici, ag plé an aistriúcháin agus na cinntí atá le déanamh ag aistritheoirí nuair a chéadfhaigheann siad an buntéacs.

 

Filíocht

 

Filíocht le Eileen Sheehan and Afric McGlinchey
An Díseart — 16/11/24 — 16:30

As Ciarraí ó dhúchas, is file aitheanta í Eileen Sheehan a bheidh ag comhrá le hAfric McGlinchey, file agus eagarthóir bunaithe in Iarthar Chorcaí. Téigh ar an imeacht seo agus clois ó bheirt de na filí is urramaí in Éirinn.

Scríobhnóirí ar an mBus
Stad Bus Local Link — 17/11/24 — 10:30

Téigh ar thuras bus thart ar Cheann Sléibhe agus tú ag éisteacht le filíocht úr ó scríbhneoirí ar roghnaíodh a gcuid oibre le dul ar taispeáint ar na busanna i gContae Chiarraí.

 

Páistí

 

Scéalaíocht le hOein de Bhairduin agus Natalie Ní Chasaide: An Drúchtín agus an Seilide
Leabharlann Dhaingean Uí Chúis — 16/11/24 — 11:00

Spreagtha ag traidisiún scéalaíochta an lucht taistil in Éirinn, déanfaidh Oein de Bhairduin léamh bríomhar dá shaothar ag an imeacht dátheangach seo. Natalie Ní Chasaide a bheidh ag léamh an leagain Ghaeilge.

Scéalaíocht faoi 8 le Muireann Ní Chíobháin
Ionad an Bhlascaoid— 16/11/24 — 11:00

Buail isteach in Ionad an Bhlascaoid chun scéalaíocht a chluinstin do pháistí faoi ocht mbliana d’aois. Muireann Ní Chíobháin a chuirfidh an t-imeacht i láthair agus í ag léamh leabhair óna saothar féin amhail Gealach & Grian.

 

Imeachtaí Gaeilge

 

Painéal Cainte ar Litríocht Chomhaimseartha na Gaeilge 
An Díseart — 16/11/24 — 15:00

Déanfar plé ar litríocht chomhaimseartha na Gaeilge ar phainéal cainte le hEoin McEvoy, a d’aistrigh an t-úrscéal grafach Heartstopper go Gaeilge, le Muireann Ní Chíobháin, agus le heagarthóir NÓS, Conor Torbóid. Idir gearrscéalta, filíochta, úrscéalta, nó scéalta aistrithe, beidh neart le cuimhniú air! Hannah Ní Chonghaile, a scríobhann le NÓS, a bheidh mar chathaoirleach.

Club na Féile
Beár Mhic Cárthaigh — 16/11/24 — 21:00

I ndiaidh dhá lá iontacha d’imeachtaí liteartha, lig do scíth i mBeár Mhic Cárthaigh timpeallaithe ag ceol traidisiúnta agus craic. Seans go mbeidh cúpla cur i láthair beo le feiceáil ann freisin.

Titfidh Féile Liteartha Chorca Dhuibhne amach ón 15–17 Samhain. Is féidir an clár iomlán a fheiceáil anseo.

The post Trí seachtaine go Féile Liteartha Chorca Dhuibhne appeared first on NÓS.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta