Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

‘Torthaí maslacha díomácha á mbronnadh ar dhaltaí cumasacha Gaeilge’

| , ,

Tá lucht an ghaeloideachais ag impí ar an Aire Oideachais athbhreithniú a dhéanamh ar an gcóras marcála atá ann do chúrsa Gaeilge T1 na sraithe sóisearaí, an cúrsa atá dírithe ar dhaltaí scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge.

Beidh cruinniú Dé Máirt seo chugainn ag ionadaithe ó Ghaeloideachas, Bord Oideachais agus Oiliúna na hÉireann, An Gréasán do Mhúinteoirí Gaeilge agus eagraíochtaí eile chun ceist an chúrsa T1 a phlé.

Lorgaíodh i dTeach Laighean an tseachtain seo freagraí faoin “leithcheal gníomhach” a deirtear atá á dhéanamh ar dhaltaí na sraithe sóisearaí i scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge.

Ag labhairt dó le Tuairisc dúirt príomhoide Gaelcholáiste amháin, Tony Ó Murchú ó Ghaelcholáiste na Mara, san Inbhear Mór, i gCill Mhantáin go bhfuil “éagóir” á déanamh ar dhaltaí a thugann faoin scrúdú Gaeilge T1 sa tsraith shóisearach.

“Bhí príomhoidí i nGaelcholáistí agus i scoileanna Gaeltachta ar fad an-amhrasach faoin gcóras T1 agus T2 sular tháinig sé i bhfeidhm agus anois tá muid go hiomlán trína chéile faoi. Tá an grádú chomh dian agus tugann sé teachtaireacht uafásach do na daltaí. Pionós atá ann i bhfírinne.

“I gcás Gaelcholáiste na Mara, fuair 48% dár scoláirí H1 sa scrúdú ardteiste Gaeilge i mbliana, ach scéal iomlán difriúil a bhí ann i gcás na ndaltaí a bhain an grád is airde amach i scrúdú Gaeilge T1 na sraithe sóisearaí. Idir 3-4% a bhí i gceist agus tá sé sin iomlán míshásúil. Tá muid ag caint ar dhaltaí a bhfuil Gaeilge acu sa bhaile, daltaí atá tiomanta don Ghaeilge agus a labhraíonn í gach lá ach a mbronntar an toradh ‘tuillteanas’ orthu. Tá sin maslach amach is amach.”

Dúirt Ó Murchú nach ndéanann córas na ngrád do scrúdú Gaeilge na sraithe sóisearaí “aon chiall ar chor ar bith” agus go bhfuil earnáil an oideachais lán-Ghaeilge “thar a bheith imníoch” faoi.

“Is díspreagadh amach is amach atá sna torthaí T1. Tá torthaí maslacha, torthaí díomácha á mbronnadh ar dhaltaí cumasacha a rachaidh ar aghaidh chun an marc is airde a fháil sa scrúdú ardteiste Gaeilge. Ní dhéanann sé ciall ar bith agus is éagóir atá i gceist.

“Tá lucht na nGaelcholáistí agus na scoileanna Gaeltachta thar a bheith díomách faoi agus thar a bheith imníoch faoi. Tá muid ag tochas ár gcinn faoin tslí a ndearnadh na cinntí tromchúiseacha seo faoin T1 agus ag iarraidh fáil amach cén fáth a bhfuil sé chomh deacair an marc is airde a fháil.”

Dúirt Ó Murchú gur léir an fhadhb le córas marcála an chúrsa T1 ach breathnú ar na torthaí i dteangacha eile.

“Níl na deacrachtaí seo ag daltaí a thagann isteach sa tír ó thíortha eile agus a thugann faoi scrúdú ina dteangacha dúchasacha. Éiríonn go sármhaith leo agus is cóir go n-éireodh. Ach ba chóir go mbeadh daltaí arb í an Ghaeilge a dteanga dhúchais ag fáil an aitheantais chéanna.”

Dúirt Ó Murchú go bhfuil “imní” léirithe ag tuismitheoirí freisin go dtabharfaí a leithéid de chóras isteach don scrúdú ardteiste Gaeilge agus go mbeadh impleachtaí “tromchúiseacha” i gceist do Ghaelcholáistí agus scoileanna Gaeltachta.

“Tá go leor tuismitheoirí atá iontach buartha go dtiocfaidh an córas seo isteach ag leibhéal na hardteiste agus fadhb ollmhór a bheadh i gceist do na scoileanna lán-Ghaeilge mar bheadh pointí CAO nasctha leis agus tuigeann tuismitheoirí agus daltaí go mbeidh daltaí atá ag tabhairt faoi T1 thíos leis.”

Chosain an tAire Oideachais Norma Foley an cúrsa T1 agus dúirt sí go raibh aidhmeanna áirithe leis.

“Táthar ag súil go dtacóidh na hinniúlachtaí agus na tuiscintí ón tsonraíocht sin le cainteoirí dúchais Gaeilge na nithe seo a leanas a dhéanamh: leas a bhaint as na deiseanna le haghaidh úsáid na teanga sa phobal; an Ghaeilge a fhoghlaim ar fud an churaclaim; agus páirt ghníomhach a ghlacadh i saol an phobail sa Ghaeltacht,” a dúirt an tAire.

“I ngach bliain ó scrúdaíodh na sonraíochtaí Gaeilge nua don chéad uair sa bhliain 2022 i leith, tá an céatadán de scoláirí a ghnóthaigh grád an ghradaim beagán níos airde do scoláirí a rinne staidéar ar shonraíocht T1 ná mar atá sé do scoláirí a rinne staidéar ar shonraíocht T2 ag an leibhéal céanna.”

I mbliana fuair 3.8% de dhaltaí an chúrsa Gaeilge T1 ag an ardleibhéal an marc is airde, i gcomparáid le 3.3% don chúrsa T2.

Is é an cúrsa T1 don Teastas Sóisearach an cúrsa nua a tugadh isteach in 2017 do dhaltaí i scoileanna ina mbíonn an teagasc trí Ghaeilge.

Déanann formhór daltaí scoileanna Béarla an stáit, cúrsa T2, cúrsa nach bhfuil an dúshlán céanna ag baint leis.

Ach tá cuid mhaith de múinteoirí agus daltaí sna scoileanna míshásta leis an tslí a bhfuil an cúrsa T1 á marcáil.

Ní fhaigheann ach líon beag daltaí na marcanna is airde sa scrúdú T1 i gcomparáid leis an líon mór daltaí i scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge a bhíodh ag fáil na marcanna is airde nuair a bhí aon scrúdú comónta amháin ann.

Triúr Teachtaí Dála a cheistigh an tAire Oideachais, Norma Foley an tseachtain seo faoin gcóras marcála atá in úsáid do chúrsa Gaeilge T1 na Sraithe Sóisearaí.

Dúirt duine de na Teachtaí Dála sin, Darren O’Rourke ó Shinn Féin, go bhfuil “imní mhór” i measc lucht scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge faoin gcur chuige marcála don chúrsa T1.

D’fhiafraigh Sorca Clarke, Teachta Dála de chuid Shinn Féin, den Aire Oideachais an ndéanfadh sí athbhreithniú ar an gcóras grádála atá á chur i bhfeidhm ar an gcúrsa Gaeilge i scoileanna T1.

Dúirt Peadar Tóibín, ceannaire Aontú, go raibh “leithcheal gníomhach” á dhéanamh ar dhaltaí Gaeltachta.

Tuigtear do Tuairisc go bhfuil ceist an chórais mharcála don chúrsa T1 sa tsraith shóisearach le plé ag cruinniú a bheidh ar siúl an tseachtain seo chugainn ag eagrais Ghaeilge agus oideachais.

Tá sé i gceist cúrsa T1 agus T2 a thabhairt isteach don Ardteist ach cuireadh stop leis an bpróiseas sin dhá bhliain ó shin.

Tá amhras mór ar lucht an ghaeloideachais faoin dara cúrsa Gaeilge a thabhairt isteach don Ardteist gan aon chúiteamh nó buntáiste a bheith ar fáil do dhaltaí as scrúdú níos deacra a dhéanamh.

Meastar anois gur beag buntáiste a bhaineann leis an gcúrsa T1 sa tsraith shóisearach, go háirithe agus gan a leithéid a bheith ann ag an ardteist go fóill agus an bhraistint a bheith ann go bhfuil marcáil ródhian á déanamh ar an scrúdú.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta