Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

‘Tír Bheag’ seolta i mBéal Feirste

| ,

Chruinnigh slua le chéile i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich Dé Sathairn agus an leabhar ‘Tír Bheag’, aistrithe ón Fhraincis go Gaeilge ag Antain Mac Lochlainn, á sheoladh ann.

Is í an Dr. Caoimhe Nic Lochlainn a sheol an leabhar, ar foilsíodh an bunleagan Fraincise de, ‘Petit Pays’ le Gaël Faye, in 2016.

Is úrscéal é faoi bhuachaill óg, Gaby, atá ag fás aníos sa Bhurúin agus an teannas ag cur thar maoil idir grúpaí de chuid na Hútúch agus na dTútsaithe. Mar pháiste soineanta, ní thuigeann Gaby, ar Tútsaí í a mháthair, a bhfuil ag dul ar aghaidh timpeall air go dtí go dtosaíonn an cogadh cathartha i Ruanda agus go leathnaíonn an foréigean amach go dtí an Bhurúin. Pléann an t-úrscéal le bás na soineantachta i rith coimhlinte agus cinedhíothaithe.

Labhair Meon Eile le hAntain faoi ‘Tír Bheag’ agus faoin phróiseas aistriúcháin. Chomh maith leis sin, labhair muid le Tadhg Mac Dhonnagáin agus le Sinéad Ní Scolaí ó Barzaz, a d’fhoilsigh an leagan Gaeilge den úrscéal.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta