Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

‘Tá géarchéim tithíochta is teanga ag brú an bháis ar an nGaeltacht, cá bhfuil Fianna Fáil agus Fine Gael?’ – Mary Lou McDonald 

| , ,

Deir ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald go bhfuil Fianna Fáil agus Fine Gael ag “brú” an bháis ar an nGaeltacht agus go mbeadh Sinn Féin “seacht n-uaire níos fearr don Ghaeilge”.

Tá Sinn Féin agus an rialtas in adharca a chéile faoi mhaoiniú na Gaeilge ó fógraíodh Buiséad 2025, buiséad ina bhfuil ardú 6% do chiste Roinn na Gaeltachta.

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Thomas Byrne inné nach bhfuil sé chun glacadh le haon cháineadh ó Shinn Féin faoi chur chun cinn na Gaeilge agus na Gaeltachta mar gheall ar an gcur chuige atá ag an bpáirtí sin i leith na teanga sa Tuaisceart.

Dúirt Thomas Byrne nach gcreidfeadh duine ar bith geallúintí Shinn Féin faoin maoiniú a chuirfeadh siad féin ar fáil mar nach bhfuil “oiread is focal amháin acu [faoin nGaeilge] sa chlár rialtais ó thuaidh”.

Ach dúirt Mary Lou McDonald, ceannaire Shinn Féin, sa Dáil go mbeadh a páirtí i bhfad níos flaithiúla leis an nGaeilge.

“Feicim go bhfuil seacht n-uaire níos lú beartaithe sa Bhuiséad ná mar a mhol Sinn Féin inár mbuiséad malartach don teanga… colour me seacht!” – @MaryLouMcDonald pic.twitter.com/m0uayYfFEj

— Eoghan Ó Finn (@FinnEoghan) October 3, 2024

“Pé rud atá ráite faoi bhuiséad flaithiúil, ní raibh sé flaithiúil le pobal na Gaeltachta. Is ar éigin go raibh pinginí rua suaracha ar fáil dá dteanga. Tá nós ársa ag na Gael an uimhir seacht a úsáid chun béim a chur ar rudaí. Tá brí chumhachtach ag baint leis. Mar shampla, déanfaidh mé mo sheacht ndícheall, rud a chiallaíonn go bhfuil mé dáiríre. Feicim go bhfuil seacht n-uaire níos lú maoinithe beartaithe sa bhuiséad ná mar a mhol Sinn Féin inár mbuiséad malartach don teanga. In áit an €63 milliún breise a bhí molta againn, níl ach €9 milliún aimsithe ag an Rialtas, maoiniú TG4 san áireamh.”

“Colour me shocked. Fad is atá géarchéim tithíochta agus teanga ag brú na seacht mbás ar an nGaeltacht, agus an t-aos óg ag éileamh Gaelscolaíocht agus uaillmhian an tseachtar laoch, cá bhfuil Fianna Fáil agus cá bhfuil Fine Gael? Bheadh Sinn Féin seacht n-uaire níos fearr don Ghaeilge. Dhéanfadh mise mo sheacht ndícheall.”

Dúirt Aengus Ó Snodaigh, urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, go bhfuil sé “tubaisteach nár thapaigh an rialtas an deis cuidiú leis an nGaeilge agus an Ghaeltacht” agus nach bhfuil “aon leigheas in aon chor” sa mhéid a fógraíodh i mBuiséad 2025 ar na “deacrachtaí móra” a bhaineann leis an nGaeltacht agus an teanga.

Gheall Sinn Féin ina bhuiséad malartach go gcuirfidís pacáiste €63.2 milliún breise ar fáil don Ghaeilge ag don Ghaeltacht agus chuig Roinn na Gaeltachta a rachadh €45 milliún de sin.

€6 milliún breise don Roinn sin a fógraíodh sa Bhuiséad. Dúirt an tAire Stáit Thomas Byrne gur fhág an t-ardú sin go raibh os cionn €100 milliún curtha ar leataobh don Ghaeilge agus don Ghaeltacht den chéad uair riamh.

Bhí an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly ar dhuine de na polaiteoirí eile a cháin sa Dáil cur chuige an Rialtais i leith na Gaeilge.

“Níl i gceist sa bhuiséad ach méadú suarach ó thaobh an méid a bhí, agus atá, ag teastáil. Tá mé i mo bhall den choiste Gaeilge agus le hocht mbliana anuas táimid ag éisteacht go géar agus go cruinn le dreamanna éagsúla atá ag teacht os ár gcomhair faoi cé chomh deacair is atá sé saol inmharthana a bheith ag duine sna Gaeltachtaí.

“Tá gá le treoirlínte ó thaobh cúrsaí pleanála. Tá gá le tuilleadh airgid d’Údarás na Gaeltachta ionas go mbeidh sé in ann feidhmiú mar is ceart. Níl i gceist ach thart ar €6 mhilliún breise; airgead suarach i ndáiríre. Tá na heagraíochtaí ar an talamh, cosúil le Conradh na Gaeilge agus Bánú, ag rá linn go bhfuil gá le méadú suntasach chun na haidhmeanna a chur chun cinn le cinntiú go mbeidh Gaeltacht inmharthana againn.”

Léirigh an Buiséad “easpa iomlán tuisceana” ar chás na Gaeilge agus na Gaeltachta, dar le Catherine Connolly.

“Bhí sé sin le feiceáil freisin sna hóráidí gan focal Gaeilge. Bhí abairt amháin i dtús na hóráide agus abairt ag an deireadh ag an Aire, an Teachta Chambers. Ní raibh focal ag an Aire eile. Is sampla é sin don easpa tuisceana, cuirfidh mé mar sin é, ó thaobh na Gaeilge de.”

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta