Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Seomra teaghlaigh oscailte in An Carn

| ,

Bhailigh grúpaí pobail le chéile ar na mallaibh in An Carn, Contae Dhoire, chun oscailt an tSeomra Teaghlaigh nua s’acu a cheiliúradh. Comh-imeacht idir An Carn i gCarn Tóchair agus Fís an Phobail ó iarthar Bhéal Feirste a bhí ann ar mhaithe le ‘Saol Trí Ghaeilge’, togra taighde nua de chuid Fís an Phobail, a chur i láthair chomh maith.

Is ar theaghlaigh óga atá ag tógáil clainne trí Ghaeilge atá an taighde seo bunaithe. Labhair Meon Eile le Fís an Phobail faoin taighde seo cheana agus thig leat níos mó a fhoghlaim faoi sin anseo.

Is spás úrnua é an Seomra Teaghlaigh, áit a mbeidh imeachtaí, tacaíocht agus suaimhneas ar fáil do thuismitheoirí agus do theaghlaigh óga sa cheantar atá ag iarraidh clann s’acu a thógáil trí mheán na Gaeilge.

Thug Meon Eile cuairt ar an seoladh oifigiúil den Seomra Teaghlaigh agus labhair muid le Joe Ó Docharthaigh a d’inis dúinn faoi cé chomh lárnach is atá na teaghlaigh áitiúila ó thaobh na pleanála teanga de, agus dúirt Sorcha Ní Chathmhaoil linn faoin chaidreamh láidir atá ann idir na gníomhaithe teanga in An Carn agus Fís an Phobail agus mhol sí an obair atá ar bun in An Carn go mór.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta