Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Plandaí, crainn agus béaloideas le hAoife de Bhál

| ,

Bhí imeacht speisialta ar siúl i nGairdin an Phobail in Iarthar Bhéal Feirste ar na mallaibh ina raibh an saineolaí éiceolaíochta Aoife de Bhál ag tabhairt ceardlann teaghlaigh bunaithe ar an dúlra. Is iad Fís an Phobail a d’eagraigh an ócáid mar chuid d’Fhéile na Carraige.

Le linn na ceardlainne theagasc Aoife na tréithe difriúla a bhíonn ag plandaí éagsúla agus chruthaigh sí ealaín trí úsáid a bhaint as na blathanna a bhíonn ag fás sa Ghairdín.

Labhair Meon Eile le Ciarán Mac Giolla Bhéin ó Fís an Phobail faoin sprioc atá ag an eagraíocht imeachtaí teaghlaigh a chuir ar fáil atá speisiúil spraíúil dóibh siúd atá ag tógáil clainne trí Ghaeilge.

D’inis Aoife dúinn faoin fhreagra iontach dearfach a fuair sí ón cheardlann agus faoi chuid de na frásaí is fearr léi maidir leis an dúlra.

Bhí seans againn fosta labhairt le beirt bhuachaill óga a bhí ag freastal ar an cheardlann – is cosúil gur bhain siad an-sult as an lá, go háirithe na ‘smores’!

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta