Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Gaelcholáiste á dhéanamh de Shráid Synge

| ,

I mí Mheán Fómhair 2026 déanfar Gaelscoil de Scoil Bhéarla na mBráithre Críostaí ar Shráid Synge, Baile Átha Cliath 8.

Is toradh é an cinneadh seo ar fheachtas de chuid na bunscoile áitiúla, Bunscoil Shráid Synge, Conradh na Gaeilge agus tuismitheoirí a mheas go raibh easpa deiseanna ann do pháistí an cheantair a bhí ag iarraidh leanúint ar aghaidh leis an Ghaeloideachais ag an dara leibhéal.

Thug Meon Eile cuairt ar Bhunscoil Shráid Synge agus labhair muid leis an phríomhoide Victoria Nic Uaid faoin fheachtas agus faoin tionchar dearfach a bheidh ag an mheánscoil nua Ghaeilge ar an phobal.

Dúirt sí go bhfuil an scoil ar fad, mar aon leis na tuismitheoirí, ar bís agus go gcuirfidh sé go mór le saol na Gaeilge sa cheantar.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta