Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Éileamh athuair ar shos comhraic agus comóradh bliana á dhéanamh ar ionsaithe Hamas

| , ,

Cothrom an lae seo bliain ó shin, ar an 7 Deireadh Fómhair 2023, a rinne Hamas ionsaí ar Iosrael inar maraíodh thart ar 1,200 duine agus inar fuadaíodh 250 agus maraíodh os cionn 42,000 duine in ionsaithe díoltais Iosrael ó shin

Deir Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá Joe Biden go bhfuil an iomarca “fulaingthe” ag daoine sa choimhlint in Gaza.

Dúirt Biden go gcaithfí sos comhraic a chomhaontú a chinnteodh go dtabharfaí slán abhaile na gialla as Iosrael agus go gcuirfí ar fáil an cúnamh daonna atá ag teastáil in Gaza.

Cothrom an lae seo bliain ó shin, ar an 7 Deireadh Fómhair 2023, a rinne Hamas ionsaí ar Iosrael inar maraíodh thart ar 1,200 duine agus inar fuadaíodh 250.

Ó shin i leith maraíodh in ionsaithe díoltais Iosrael ar Gaza os cionn 42,000 duine agus tá an cogadh ag dul ar aghaidh agus ar aghaidh gan aon rath ar aon chainteanna síochána.

Tá an cogadh scaipthe níos forleithne sa cheantar le tamall agus coimhlint tosaithe idir Iosrael agus an Iaráin.

Dúirt Joe Biden go ndéanfadh sé a dhícheall sos comhraic a bhaint amach, tráth a bhfuil Iosrael, Hamas agus Hezbollah i mbun ionsaithe nua agus na cainteanna síochána i sáinn.

Chuir ionsaithe an 7 Deireadh Fómhair déistin ar dhaoine ach tá fearg ar dhaoine ar fud an domhain faoi fhreagra Iosrael ar na hionsaithe sin. Tá cinedhíothú curtha i leith Iosrael ag an gCúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta.

Dúirt an Taoiseach Simon Harris gur údar uafáis agus alltachta i gcónaí ionsaithe Hamas bliain ó shin.

Dúirt sé gur chóir na gialla a scaoileadh saor láithreach gan aon choinníollacha ionas go bhféadfaí sos comhraic a chur i bhfeidhm.

Dúirt an Tánaiste agus Aire Gnóthaí Eachtracha, Micheál Martin go raibh uafás ionsaithe an 7 Deireadh Fómhair 2023 greanta i gcuimhne na ndaoine ach nach bhféadfaí an comóradh bliana a scaradh ón scrios atá déanta ar mhuintir na Palaistíne ó shin. Tá an pobal ar buile faoi fhulaingt mhuintir na Palaistíne agus cúis mhaith acu, a dúirt Martin.

“Tá tuairim na hÉireann soiléir agus í curtha ar an dtaifead. Ní foláir stop a chur leis an bhforéigean. Caithfidh sos comhraic a bheith ann láithreach chomh maith le margadh faoi shaoradh na ngiall agus méadú mór ar an gcabhair dhaonnúil atá ar fáil in Gaza…”

“Caithfear gníomhú go pras ionas nach scaipfidh an choimhlint níos forleithne sa réigiún agus is den phráinn é go ndéanfaí an próiseas polaitiúil a athbheochan.

“Is é an bealach is fearr le cur i gcoinne na sceimhlitheoireachta agus an antoisceachais, agus le meas a léiriú ar an uile dhuine a d’fhulaing sa choimhlint seo, ná ár seacht ndícheall a dhéanamh síocháin bhuan a bhunú idir muintir Iosrael agus na Palaistíne.”

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta