Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Dhá thaispeántas nua sa Chultúrlann

| ,

Seoladh dhá thaispeántas nua ar na mallaibh i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich, Béal Feirste.

Sa dá ghailearaí, Dánlann Dillon agus Na Ballaí Bana, atá na taispeántais, ‘Dreamland’ le Lorna Corrigan agus ‘Mar a deir an seanfhocal’ le Emily McGardle, le feiceáil faoi seach i láthair na huaire.

Thug Meon Eile cuairt ar sheoladh na dtaispeántas agus labhair muid le Emily McGardle, ealaíontóir as Muineachán, a bhí ar bís go raibh saothar s’aici á chur i láthair don phobal i mBéal Feirste.

I saothar Emily tá réimse leathan d’ábhair agus de phróisis i gceist. Cuirtear béim ar an nasc atá againn sa tír seo le seanfhocail i dtaca leis an nádúr agus leis an chaidreamh atá againn lenár gcorp. Is as ceantar tuaithe í Emily agus tá sí paiseanta faoin dáimh láidir atá aici le hainmhithe agus leis an dúlra, rud a léirítear ina cuid oibre.

Beidh an dá thaispeántas sa Chultúrlann go dtí an 24 Deireadh Fómhair.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta