Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Cúrsa Cruinnis Gaeilge i mBéal Feirste

| ,

Bhailigh oibrithe ó earnáil na Gaeilge le chéile i Spórtlann na hÉireann, atá lonnaithe ar Bhóthar na bhFál i mBéal Feirste, chun freastal ar Chúrsa Cruinnis Gaeilge, sraith ranganna nua de chuid na Meithle Meantóireachta.

Tá an cúrsa 12 sheachtain seo dírithe ar dhaoine atá ag obair, nó atá ag iarraidh a bheith ag obair, in earnáil na Gaeilge agus ar mian leo a muinín agus a gcumas sa teanga a fhorbairt.

Bhí Meon Eile i láthair ag ceann de na ranganna, tráth ar labhair muid le múinteoir an chúrsa, Darán Ó Dochartaigh. Dúirt sé linn faoin tábhacht a bhaineann le caighdeán ard Gaeilge a bheith ag daoine atá ag obair trí mheán na teanga le go mbeidh ardchaighdeán fosta ag an chéad ghlúin eile.

Chomh maith leis sin, labhair muid le hEimear Nic Ionnrachtaigh ó Fhís an Phobail, an t-eagras atá ag reáchtáil an chúrsa. Tá sí féin ag freastal ar na ranganna fosta agus dinis sí dúinn faoin aiseolas thar a bheith dearfach atá faighte acu ina leith. Mhol sí teagasc Dharáin go mór agus an dóigh ar mhínigh sé cuid de ghnéithe casta na teanga ar bhealach soiléir neamhfhoirmeálta.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta