Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Club Reathaíochta Bhéal Feirste ar an fhód

| ,

Bunaíodh Club Reathaíochta Bhéal Feirste ar na mallaibh le deis a thabhairt do chainteoirí Gaeilge de gach leibhéal cumais teacht le chéile agus an teanga a úsáid fríd an aclaíocht.

Is ag geataí Ollscoil na Ríona a bhailigh baill an chlub don chéad rith agus bhí Meon Eile i láthair le labhairt leis an bhunaitheoir, Alannah Nic Artáin, faoin dóigh ar thosaigh an club agus na spriocanna atá acu don todhchaí.

Labhair muid fosta le April Ní Ír faoin tsuim a chuir sí sa chlub nuair a chéadchonaic sí é ar na meáin shóisialta agus faoi na buntáistí atá ag baint leis ó thaobh na haclaíochta agus na Gaeilge de. 

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta