Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Ceardlanna do mhúinteoirí na Gaelscolaíochta ó thuaidh

| ,

Bhailigh múinteoirí ó gach cearn den Tuaisceart le chéile i gColáiste Mhuire, Béal Feirste, ag comhdháil bhliantúil Chomhairle na Gaelscolaíochta. Seoladh dhá staidéar nua thábhachtacha ar an nGaeloideachais agus ghlac na múinteoirí páirt i gceardlanna le linn an lae.

Thug Meon Eile cuairt ar an chomhdháil agus labhair le Tony Óg Ó Dubhthaigh ó Chomhairle na Gaelscolaíochta a phléigh go mion na staidéir agus an dóigh a bhféadfadh scoileanna iad a úsáid. Labhair muid fosta le beirt mhúinteoirí a bhí páirteach ann, Fionnuala Ní Mhealláin ó Bhunscoil an tSléibhe Dhuibh i mBéal Feirste, agus Bláithín Mhic Cána ó Ghaelscoil Phádraig Naofa i gCrois Mhic Lionnáin. Luaigh siad na bealaí a mbeidh siad in ann an méid a d’fhoghlaim siad ag na ceardlanna a chur i bhfeidhm ina seomraí ranga, sin agus cé chomh hálainn is atá sé go mbíonn siad in ann bualadh lena gcomhmhúinteoirí ag an ócáid gach bliain.

Tá tuilleadh eolais le fáil anseo.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta