Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Breis is €200,000 bronnta ar chlubanna CLG Gaeltachta d’fhorbairt áiseanna

| , , , ,
CLG Bhulf Tón i gcontae na Mí agus CLG Micheál Breathnach i nGaillimh a gheobhaidh an t-airgead d’oibreacha feabhsúcháin

Breis is €200,000 bronnta ar chlubanna CLG Gaeltachta d’fhorbairt áiseanna

 

Dé Céadaoin, Deireadh Fómhair 16 2024 ag 1:24 pm

Tá fógartha ag Aire Stáit na Gaeltachta go bhfuil deontais ar fiú breis is €200,000 san iomlán iad ceadaithe aige do dhá chumann CLG Gaeltachta chun a gcuid áiseanna a fhorbairt.

CLG Bhulf Tón i gcontae na Mí agus CLG Micheál Breathnach i gConamara a gheobhaidh an t-airgead d’oibreacha feabhsúcháin.

Tá maoiniú nach mór €180,000 ceadaithe ag Roinn na Gaeltachta do Bhulf Tón agus Coiste Halla Bhaile Ghib chun obair dhraenála agus obair riachtanach eile a dhéanamh ar an gcarrchlós atá le taobh Pháirc agus Naíonra Bhaile Ghib agus dromchla nua a chur air.

Chomh maith leis seo, tá deontas €29,520 ceadaithe ag an Aire Stáit Byrne do Mhícheál Breathnach chun comhairleoir a fhostú ar mhaithe le plean a chur le chéile do na forbairtí atá beartaithe a dhéanamh ar an gcarrchlós ag an bpáirc ar an gCnoc in Indreabhán.

Ceadaíodh deontas breis is €100,000 do Mhicheál Breathnach an mhí seo caite faoin gClár Caipitil Spóirt chun dromchla nua a chur ar an bpáirc uile-aimsire ag an gcumann agus fuair Bhulf Tón €50,000 chun cosán siúlóide a fhorbairt agus obair a dhéanamh ar an bpáirc.

Tagann an maoiniú a ceadaíodh inniu faoin gClár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga ag Roinn na Gaeltachta agus dúirt an tAire Stáit Thomas Byrne go raibh lúcháir air na deontais a cheadú.

“Tá na cumainn seo gníomhach le pobal a gceantar agus iad ag cur cúrsaí spóirt chun cinn d’fhoirne faoi aois agus d’fhoirne d’fhir agus mná. Baineann baill an dá chumann seo sásamh agus sult as na cluichí Gaelacha a bhíonn ar bun iontu agus tá lúcháir orm na deontais seo a cheadú dóibh.

“Tagann an tacaíocht atá ceadaithe agam do Bhaile Ghib le sprioc mo Roinne tacú seirbhísí luathbhlianta a fhorbairt sna ceantair Ghaeltachta,”  a dúirt an tAire Byrne.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta