Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Os cionn 180 duine maraithe ag aerionsaithe Iosrael ar bhailte móra sa Liobáin

| , ,

Is iad an 180 duine a maraíodh sna hionsaithe seo an líon is mó a maraíodh in aon lá amháin ó thosaigh an troid idir Iosrael agus Hezbollah Deireadh Fómhair seo caite

Os cionn 180 duine maraithe ag aerionsaithe Iosrael ar bhailte móra sa Liobáin

Maraíodh os cionn 180 duine ar a laghad agus goineadh 700 eile sna haerionsaithe a rinne Iosrael ar bhailte móra sa Liobáin, de réir ráiteas ó aireacht sláinte na Liobáine.

Tuairiscíodh ar mheáin stáit na Liobáine go raibh mná, leanaí agus oibrithe leighis i measc na ndaoine a maraíodh agus a gortaíodh sna hionsaithe aeir is deireanaí ar dheisceart na tíre.

Is iad an 180 duine a maraíodh sna hionsaithe seo an líon is mó a maraíodh in aon lá amháin ó thosaigh an troid idir Iosrael agus Hezbollah Deireadh Fómhair seo caite.

“Cinedhíothú ceart críochnaithe” a thug príomh-aire sealadach na Liobáine ar an ráig ionsaithe aeir seo ag Iosrael.

Bhí na bóithre amach as deisceart na Liobáine plúchta le trácht agus daoine ag iarraidh imeacht as bealach bhuamaí Iosrael.

Tá sé á mhaíomh ag Iosrael gur éirigh leo 300 targaid de chuid Hezbollah a bhuamáil.

Chomhairligh Iosrael do mhuintir na Liobáine a gcuid bailte a fhágáil sula ndéanfaí an ráig aerionsaithe agus tuairiscítear gur cuireadh 80,000 glaoch gutháin uathoibrithe go dtí daoine atá ina gcónaí sa Liobáin ag rá leo an áit a fhágáil.

Dúirt ceannasaí Ogero, comhlacht teileachumarsáide stát na Liobáine, le háisíneacht nuachta Reuters gur sórt “cogadh síceolaíoch” a bhí ar bun ag Iosrael leis na glaonna sin “chun cíor thuathail agus mearbhall” a chothú.

Gheall aire cosanta Iosrael, Yoav Gallant, go ndéanfaí tuilleadh ionsaithe.

“Táimid ag géarú ar ár n-ionsaithe ar an Liobáin, agus leanfaimid orainn leo go dtí mbainfimid ár gcuspóir amach, is é sin cónaitheoirí an tuaiscirt a thabhairt ar ais go dtína gcuid tithe. Is ag an tráth seo a chaithfidh pobal Iosrael guaim a choinneáil orthu féin.”

Mhaígh Hezbollah gur scaoil siad roicéid le bunáiteanna míleata Iosrael i dtuaisceart Iosrael mar fhreagra ar “ionsaithe naimhdeacha Iosrael “ar an deisceart agus ar cheantair Bekaa.

Sheol Roinn Sláinte Phoiblí na Liobáine ráiteas ar maidin ag iarraidh ar gach ospidéal i ndeisceart na tíre gach obráid nach raibh práinn léi a chur ar ceal.

Deir na húdaráis in Iosrael gurb í an aidhm atá acu leis an bhfeachtas buamála is déanaí seo na mílte lonnaitheoirí Iosraelacha a ruaigeadh as a gceantair sa tuaisceart a thabhairt ar ais ansin.

Tá sé ina imní nach bhfuil sna hionsaithe seo ach an chéad bhuille d’ionsaí i bhfad níos measa agus go bhféadfadh Iosrael ionsaí a dhéanamh ar an talamh i ndeisceart na Liobáine in iarracht na trodairí a ruaigeadh as ceantar na teorann idir an dá thír.

Dúirt Imran Riza, Comhordaitheoir na Náisiún Aontaithe sa Liobáin, gur chóir deis a thabhairt do na hiarrachtaí taidhleoireachta an t-aighneas seo a réiteach mar go raibh beatha na saoránach agus sábháilteacht an réigiúin ar an dá thaobh á gcur i mbaol.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta