Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Múnla athbheochana ón bhonn aníos – Léacht le Róisín Nic Liam

| ,

Chuir an gníomhaí teanga agus taighdeoir PhD, Róisín Nic Liam, léacht thar a bheith spéisiúil i láthair Dé hAoine seo caite i nGael-Ionad Mhic Goill, Béal Feirste, a dhírigh ar an mhúnla athbheochana ón bhonn aníos atá le brath i gcur chuige ghlúin Bhóthar Seoighe ar aghaidh go dtí an Dream Dearg.

Tá Róisín i ndiaidh bliain thairbheach a chaitheamh mar thaighdeoir dochtúireachta in Ollscoil na Banríona i gcomhpháirt le Glór na Móna, agus í ag díriú ar ghníomhú agus athghabháil na Gaeilge, go háirithe i mBéal Feirste ó 1998 ar aghaidh. Tá an Corcaíoch sáite i bpobal na Gaeilge agus i mbun a cuid taighde i measc na ndaoine iad féin.

Ar an bhliain seo chugainn tabharfaidh Róisín faoi shraith agallaimh éagsúla le trí ghlúin de ghníomhaithe teanga: an chéad ghrúpa a chuaigh tríd Choláiste Feirste sna 1990idí, nó ‘Meanscoil Feirste’ mar a tugadh air ag an am; muintir An Dream Dearg; gníomhaithe teanga níos óige arís.

Is mar chuid den fhéile Liú Lúnasa 2024 a cuireadh an léacht ar siúl. Labhair muid le Róisín féin chomh maith le hEoghan Ó Garmaile, Oifigeach Tionscadal Pobail de chuid Glór na Móna atá ar bís faoin chomhpháirtíocht uathúil seo le hOllscoil na Banríona agus le Róisín.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta