Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Beirt pháistí i measc na marbh i ndiaidh pléascadh glaoirí sa Liobáin 

| , ,

Tuairiscítear gur chuir Mossad, áisíneacht faisnéise Iosrael, ábhar pléasctha sna mílte glaoire roinnt míonna sular seoladh chuig Hezbollah iad

Beirt pháistí i measc na marbh i ndiaidh pléascadh glaoirí sa Liobáin 

Tá beirt pháistí i measc an dáréag a maraíodh nuair a phléasc Iosrael na mílte glaoire sa Liobáin, a deir na húdaráis sláinte ansin.

Tuairiscítear gur chuir Mossad, áisíneacht faisnéise Iosrael, ábhar pléasctha sna mílte glaoire roinnt míonna sular seoladh chuig Hezbollah iad.

Idir 2,750-2,800 duine a gortaíodh san ionsaí a deir na húdaráis sláinte sa Liobáin.

Tá ospidéal na Liobáine faoi bhrú mór i ndiaidh an ionsaí inár maraíodh ar a laghad dáréag. Tuairiscítear gur fágadh daoine eile dall i ndiaidh an ionsaí agus go raibh gá ag daoine eile le teascadh.

Tuairiscítear chomh maith gur amhlaidh gur shocraigh Iosrael na glaoirí a phléascadh níos luaithe ná mar a bhí beartaithe acu toisc go raibh imní orthu go raibh eolas faighte ag Hezbollah faoin bplean.

Thosaigh Hezbollah ag úsáid glaoirí níos luaithe i mbliana nuair a cinneadh cosc a chur ar fhóin shoghluaiste toisc go raibh sé ró-éasca a dhéanamh amach cá raibh siad.

Bhí branda comhlacht as an Téaváin, Gold Apollo, ar na glaoirí ach dúirt an comhlacht sin gur comhlacht san Ungáir a rinne iad.

Meastar gur dócha gur 20 gram d’ábhar pléasctha ar chaighdeán míleata a cuireadh sna huirlisí.

Fágann an t-ionsaí go bhfuil sé ina imní mhór arís nach fada go mbeidh sé ina chogadh dearg idir Iosrael agus

Hezbollah.

Deir Hezbollah go mbainfidh siad díoltas amach i ndiaidh an ionsaithe, an sárú is mó riamh ar chóras slándála na Liobáine.

Tá coimhlint thrasteorann ar siúl idir Hezbollah agus Iosrael ó thosaigh an cogadh in Gaza mí Dheireadh Fómhair seo caite.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta