Ó chartlann Raidió na Gaeltachta — Nell McCafferty faoi agallamh ag Seosaimhín Ní Bheaglaoich sa tsraith ‘Insint na mBan’
‘Fuair mé mo chuid ‘sex education’ sa Ghaeltacht!’ — éist le Nell McCafferty agus í faoi agallamh i nGaeilge

Agus an t-iriseoir agus feimineach Nell McCafferty ar shlí na fírinne, seo blaiseadh den bhean seoigh ghéarchúiseach agus í faoi agallamh ag Seosaimhín Ní Bheaglaoich ar Raidió na Gaeltachta i lár na 1980idí. Dá mbeinn i mo Thaoiseach, a dúirt Nell, chuirfinn gach páiste sa tír go dtí an Ghaeltacht…






