Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Duais Caoimhín Holland agus Pat O’Hare bronnta ar Mháire Nic Fhionnachtaigh

| ,

Bhailigh baill de phobal na Gaeilge le chéile i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich, Béal Feirste, mar chuid d’Fhéile an Phobail ar na mallaibh chun ceiliúradh a dhéanamh ar bhronnadh duaise atá ainmnithe as Caoimhín Holland agus Pat O’Hare. I mbliana is ar Mháire Nic Fhionnachtaigh a bronnadh an gradam.

Tugann an duais seo aitheantas do Ghael a bhíonn ag obair go crua ar mhaithe leis an teanga i gcathair Bhéal Feirste. Bronnadh an duais ar Mháire mar gheall ar na blianta fada fiúntacha atá caite aici in earnáil na Gaeilge, ó na luathlaethanta sa Chaifé Glas in An Chultúrlann go dtí an obair mhór atá déanta aici le Raidió Fáilte le blianta anuas.

Thug Meon Eile cuairt ar an ócáid bhronnta, áit ar labhair muid le Cormac ‘Buzz’ Ó Briain a bhíonn i mbun na hoíche agus eagrú an ghradaim. D’inis sé dúinn faoi na cúiseanna ar roghnaíodh Máire agus faoin tábhacht a bhaineann le haitheantas a thabhairt do dhaoine a bhíonn ag obair go dian ar son an chultúir, sa chúlra in amanna.

Labhair muid fosta le Máire í féin agus d’inis sí dúinn faoi na laethanta luatha sin siar sna 80idí agus sna 90idí, tráth spleodrach a bhí an Chultúrlann agus Raidió Fáilte á gcur ar an fhód ag gníomhaithe agus ag oibrithe deonacha.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta