Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Bonn óir buaite ag Kellie Harrington na hÉireann ag na Cluichí Oilimpeacha den dara huair

Agus greim coimeádta aici ar an gcraobh a bhuaigh sí i dTóiceo trí bliana ó shin, tá gaisce déanta ag Kellie Harrington nach bhfuil déanta ach faoi dhó cheana ag lúthchleasaithe as Éirinn

Bonn óir buaite ag Kellie Harrington na hÉireann ag na Cluichí Oilimpeacha den dara huair

Kellie Harrington ag ceiliúradh i bPáras agus bonn óir buaite aici. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Tá bonn óir buaite ag Kellie Harrington na hÉireann ag na Cluichí Oilimpeacha den dara huair as a chéile.

Fuair an dornálaí as Rae Portland san ardchathair an ceann is fearr ar Yang Wenlu na Síne i mbabhta  ceannais rannóg 60kg na mban anocht ar chúirt Philippe‑Chatrier i staid Roland Garros.

Fiú roimh a bua stairiúil anocht bhí gaisce déanta ag Harrington agus í ar an gcéad lúthchleasaí ban as Éirinn a bhuaigh bonn ag níos mó ná Cluichí Oilimpeacha amháin.

Agus greim coimeádta aici ar an gcraobh a bhuaigh sí i dTóiceo trí bliana ó shin, tá gaisce mór eile déanta aici nach bhfuil déanta ag mórán eile as Éirinn – bonn óir a bhuachan ag dhá Chluichí Oilimpeacha as a chéile.

Níl a leithéid déanta ag aon duine eile seachas na rámhaithe Paul O’Donovan agus Fintan McCarthy, a bhuaigh a ndara bonn óir Oilimpeach i bPáras, agus Pat O’Callaghan, a bhuaigh bonn óir i gcaitheamh an oird ag Cluichí 1928 agus 1932.

INPHO/Ryan Byrne

Bhí smacht ag Harrington ar chúrsaí ó thús an troda agus nuair a fógraíodh a bua stairiúil thug sí tamall ag rince san fháinne mar cheiliúradh agus a lucht tacaíochta imithe le báiní timpeall uirthi  i Roland Garros.

Oíche mhór a bhí ann do lucht leanta na dornálaíochta agus an spóirt in Éirinn, go háirithe i dtuaisceart lár na cathrach, ceantar dúchais Harrington.

Craoladh beo ar scáileán mór an troid i bPáirc an Diamaint, mar a raibh slua mór bailithe chun féachaint ar a laoch, an seaimpín Oilimpeach, agus í ag iarraidh an beart a dhéanamh arís.

Kellie Harrington in aghaidh Yang Wenlu. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Seacht mbonn atá buaite ag Éirinn ag na Cluichí Oilimpeacha i bPáras, níos mó bonn ná mar a bhuaigh aon fhoireann Oilimpeach as an tír seo riamh.

Sa rámhaíocht bhuaigh Paul O’Donovan agus Fintan McCarthy bonn óir i gcomórtas bád beirte éadrom na bhfear agus sa linn snámha fuair Daniel Wiffen an chéad áit i mbabhta ceannais an chomórtais saorstíle 800m.

Bhuaigh an gleacaí Rhys McClenaghan bonn óir eile d’Éirinn nuair a tháinig  sé sa chéad áit sa bhabhta ceannais ar an gcapall corr.

Tá trí bhonn cré-umha buaite ag foireann na hÉireann chomh maith.

Ba í Mona McSharry as Sligeach a bhuaigh an chéad bhonn d’Éirinn ag na Cluichí Oilimpeacha i bPáras nuair a tháinig sí sa tríú háit sa bhabhta ceannais i snámh brollaigh 100 méadar na mban agus tháinig Daniel Wiffen sa tríú háit sa rás ceannais sa snámh saorstíle 1500 méadar chun a dhara bonn a bhuachan.

D’éirigh le beirt rámhaithe eile as Éirinn, Philip Doyle agus Daire Lynch, bonn cré-umha a bhuachan i gcomórtas bád beirte na bhfear.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta