Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Tá oidhreacht le fáil i gcaifé Glór na Móna

| ,

Sheol Glór na Móna caifé nua le déanaí darb ainm Anam, Caifé na Carraige. Is iad na trí phríomhaidhm atá ag an chaifé ná comrádaíocht, caife agus comhrá. Beidh an caifé mar chuid lárnach den fhoirgneamh nua atá beartaithe ag Glór na Móna a thóil sna blianta amach romhainn, agus beidh sé ina chaifé oidhreachta don phobal.

Tá tae, caife, borróga agus cácaí ar fáil faoi láthair agus tá sé socraithe acu níos mó earraí a chur ar anbhiachlár amhail bia te, ceapairí agus creathán bainne. Tagann na pónairí caife speisialta ón Cholóim agus is é Anam, Caifé na Carraige an t-aon áit i mBéal Feirste a dhíoltar iad. 

Tá an caifé ar oscailt ar an Aoine 9:00 go 15:00 agus ar an Satharn 8:00 go 15:00 san am i láthair, agus tá sé i gceist é a oscailt ar laethanta eile sna seachtainí amach romhainn.

Thug Meon Eile cuairt ar an chaifé agus bhain muid triail as an chaife agus na cístí blasta. Labhair muid le hEoghan Ó Garmaile ó Glór na Móna agus Leanne Ní Chonluain atá ag obair mar barista, agus bhí an bheirt acu ar bís go raibh an caifé ar oscailt don phobal faoi dheireadh. 

Tá tuilleadh eolais ar fáil anseo.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta