Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Iar-aire stáit Gaeltachta ceaptha ina leascheannaire ar Fhianna Fáil

| , ,

Ní raibh aon leascheannaire ag Fianna Fáil le ceithre bliana anuas

Iar-aire stáit Gaeltachta ceaptha ina leascheannaire ar Fhianna Fáil

Tá an t-iar-aire stáit Gaeltachta Jack Chambers ceaptha ina leascheannaire ar Fhianna Fáil.

D’fhógair an Tánaiste agus ceannaire Fhianna Fáil, Micheál Martin, tráthnóna go raibh an leascheannaireacht á tabhairt do Chambers atá ina haire stáit sa roinn cumarsáide.

Dúirt Micheál Martin gur polaiteoir cumasach díograiseach a bhí i Chambers. Luaigh sé go sonrach “scileanna eagrúcháin” an leascheannaire nua, scileanna a bheadh ina bhuntáiste ag Fianna Fáil aimsir an olltoghcháin, dar le Martin.

Ní raibh aon leascheannaire ag Fianna Fáil ó 2020 nuair a d’fhág Dara Calleary an post.

Bhí Jack Chambers ina aire stáit don Ghaeltacht idir 2021-2022, tréimhse inar tugadh isteach reachtaíocht nua chun cearta teanga phobal na Gaeilge a neartú.

Tá Chambers ina Theachta Dála do Bhaile Átha Cliatha Thiar. Toghadh chun na Dála den chéad uair é in 2016 agus atoghadh é in 2020.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta