Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Olltoghchán fógartha ag Sunak don 4 Iúil

| , , ,

Dúirt Príomh-Aire na Breataine go raibh sé ‘bródúil’ as an méid a bhí bainte amach ag a rialtas agus go dtroidfeadh sé ar son gach vóta

Tá sé fógartha ag Príomh-Aire na Breataine Rishi Sunak go mbeidh olltoghchán ann ar an 4 Iúil.

I ráiteas a thug sé lasmuigh d’Uimhir 10 Sráid Downing tráthnóna, dúirt Sunak go raibh sé “bródúil” as an méid a bhí bainte amach ag a rialtas. Throidfeadh sé ar son gach vóta, a dúirt sé. Dúirt sé go raibh tréimhse “éiginnte” roimh an tír ach go raibh plean soiléir ag na Tóraithe. Dúirt sé nach raibh a leithéid ag Páirtí an Lucht Oibre ná a gceannaire, Keir Starmer.

“Níl a fhios agam cad atá á thairiscint acu agus déanta na fírinne ní dóigh liom go bhfuil a fhios agatsa ach oiread,” arsa Sunak.

Dúirt ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre Keir Starmer gur theastaigh uathu an Bhreatain a chur “ag obair” don lucht oibre. Deis ar “athrú” a bhí sa toghchán

“Ar an 4 Iúil, beidh rogha agat,” arsa Starmer. “Éireoidh linn le chéile deireadh a chur leis an anord, an leathanach a iompú, tús a chur le atógáil na Breataine agus lenár ár dtír a athrú.”

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta