Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Ardú euro in aghaidh na hoíche ar an liúntas a íoctar le mná tí na Gaeltachta

€13 in aghaidh an dalta in aghaidh na hoíche a íocfar le fir agus mná tí na gcoláistí samhraidh seachas €12

Ardú euro in aghaidh na hoíche ar an liúntas a íoctar le mná tí na Gaeltachta

Tá ardú euro in aghaidh na hoíche ar an liúntas a íoctar le mná tí na Gaeltachta fógartha ag Aire Stáit na Gaeltachta Thomas Byrne.

Fágann an t-ardú 8% gur €13 in aghaidh an dalta in aghaidh na hoíche a íocfar le fir agus mná tí na gcoláistí samhraidh seachas €12.

D’fhágfadh ardú seo an deontais go dtí €13 don líon tí a mbeadh 13 foghlaimeoirí ar iostas leo  ar feadh trí chúrsa go mbeadh €780 sa bhreis acu thairis mar a bhí anuraidh,

Dúradh gur ar mhaithe le “cabhrú tuilleadh” le hearnáil na gcoláistí samhraidh a bhí an t-ardú a íoctar faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge agus é á fhógairt inniu ag Aire Stáit na Gaeltachta, Thomas Byrne T.D.

Fógraíodh chomh maith ardú €2.50 ar an deontas laethúil ó €7 go €9.50 a bhíonn á íoc leis na brúnna agus scoileanna cónaithe faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge.

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Thomas Byrne go raibh “tábhacht” ag baint le Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge ó thaobh na Gaeltachta de agus gur “luachmhar” an “taithí saoil” a fhaigheann na daoine óga a fhreastalaíonn ar na cúrsaí.

“Is iad na teaghlaigh a chuireann lóistín ar fáil cnámh droma na scéime seo agus ba mhaith liom é sin a aithint,” arsa Byrne.  Dúirt sé gurb é  seo an tríú huair ag an rialtas liúntas Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge a mhéadú agus gur ardú 30% a bhí i gceist san iomlán. €10 a bhí sa liúntas in 2022.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta