Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Ón gCeathrú Rua go Príosún Chill Mhaighneann

| , , , ,

Gabhadh an Dochtúir Elsie Murphy ar an gCeathrú Rua i 1923 agus chaith sí sé mhí sa bpríosún i mBaile Átha Cliath

Ón gCeathrú Rua go Príosún Chill Mhaighneann

Beidh ócáid spéisiúil ag Cumann Béaloidis Chonamara in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an gCeathrú Rua oíche Déardaoin. ‘An Dr Elsie Murphy: ón gCeathrú Rua go Príosún Chill Mhaighneann’ teideal na cainte a bheidh ag an an Dr Clíodhna Ní Mhurchú don chomhluadar.

Chaith Elsie Murphy seal ina dochtúir teaghlaigh  i mBéal an Daingin i gConamara le linn Chogadh na gCarad, an chéad bhean a d’oibrigh mar dhochtúir sa gceantar. Bhí cúlra láidir poblachtánach ag Elsie agus bhí sí gníomhach i gCumann na mBan.  Mar gheall ar a cuid polaitíochta, gabhadh í ar an gCeathrú Rua i 1923 agus chaith sí sé mhí sa bpríosún i mBaile Átha Cliath.

Is dochtúir teaghlaigh as Cois Fharraige í Clíodhna Ní Mhurchú a bhfuil BA sa tseandálaíocht agus sa nGaeilge aici, chomh maith le MA seandálaíochta san oisté-eolaíocht.  Tá spéis aici sa stair áitiúil agus sna scéalta atá fós á n-inseacht.  Déanann sí taighde ginealaigh agus taighde staire mar chaitheamh aimsire.

Beidh an chaint spéisiúil seo ag tosú ag a  8.00in oíche Déardaoin an lá deiridh den mhí agus fáilte roimh an bpobal ar fad.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta