Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Craobh Tuairimí 2023 – Scoil Iósaef, An Domhnach Mór, Tír Eoghain

| ,

Bhí Craobh Tuairimí de chuid Scoil Iósaef, An Domhnach Mór ar siúl roimh an Nollaig, in Amharclann an Burnavaon ar an Chorr Chríochach.

Ba é seo an cúigiú bliain den chraobh a bheith ar siúl agus bhí ardchaighdeán Gaeilge le cluinstin ó na daltaí ó bhliain 8 go bliain 14. Is ceiliúradh é an chraobh ar bhuanna na scoláirí sa chaint phoiblí agus imeacht a thugann deis iontach dóibh dul os comhair an phobail agus guth s’acu féin a úsáid agus a muinín a fhorbairt.

Labhair Meon Eile le Róise ó Bhliain 10 a thug óráid ar an Chéad Míle Fáilte atá muintir na Éireann ag cur roimh thurasóirí ach ní roimh theifigh nó roimh lucht iarrtha tearmainn ar na mallaibh. Labhair muid le Chloe ó Bhliain 14 a dhírigh ar Oíche Ghléasta na scoile i mí Mheán Fómhair.

Ar a bharr sin labhair muid le Dessie Tennyson, Ceannaire an tSrutha Gaeilge i Scoil Iósaef, agus le Niamh McElduff, Oifigeach Forbartha Gaeilge agus Cultúir le CLG Uladh a bhí ar dhuine de na moltóirí ar an Chraobh. Bhí deis againn labhairt le Damien Ó Néill fosta atá ag obair mar Oifigeach Forbartha Gaeilge do Chairde Uí Néill.

Chuir Cairde Uí Néill na coirn agus dearbháin go léir ar fáil don scoil agus chuir Comhairle Ceantair Lár-Uladh Amharclann an Burnavon ar fáil chomh maith. D’fhreastail Seán Antón Ó Connalláin agus Córa Corry ón Chomhairle ar an ócáid agus labhair siad ar an oíche fosta.

Seo thíos na buaiteoirí uilig ó Chraobh Tuairimí 2023:

Duine is fearr ón scoil shóisearach – Róise (Bliain 10)

Duine is fearr ón scoil shinsearach – Chloe (Bliain 14)

Bliain 8

1ú – Cathal

2ú – Kaitlyn

3ú – Tommy

Bliain 9

1 – Annie

2 – Lily

3 – Fodla

Bliain 10

1 – Róise

2 – Eimear

3 – Réalta

Bliain 11/12

1 – Cara

2 – Cormac

3 – Emma

Bliain 13/14

1 – Chloe

2 – Áine

3 – Dáithí

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta