Na scéalta nuachta is mó a léadh ar ár nuachtlitreacha i 2023
Ní bheidh an nuachtlitir seo á sheoladh againn anois go dtí 2 Eanáir. Ach idir an dá linn, is féidir súil a chaitheamh thíos ar na scéalta nuachta is mó a léadh ar nuachtlitreacha PEIG i 2023:
Eanáir: ‘Lost in translation’: Tesco á magadh faoi botún aistriúcháin (EXtraG.ie). Seo scéal faoin drochaistriúchán greannmhar ar “domestic appliances”.

Márta: Cás na Gaeilge sa chóras oideachais (Irish Times). Seo alt ar shála tuarascála nuaí ón gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM).
Aibreán: Ag foghlaim Gaeilge trí Chantainis … gan fadhb ar bith (EXtraG.ie). Scéal faoi na 40 mac léinn a chaith trí mhí ag foghlaim Gaeilge trí Chantainis.
Bealtaine: 26 Gaelscoil, 5,800 dalta – gaelcholáiste ar bith (Tuairisc.ie). Alt ar an léiriú a bhí ar fáil i bhfigiúirí nua ar “dhroch-chás” an ghaeloideachais.
Meitheamh: Ábhar i nGaeilge á lorg ag iris liteartha i mBaile Átha Cliath (NÓS). Scéal faoin iris liteartha Channel, atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath.
Iúil: ‘Barter account’, ‘air fryer’, ‘non-binary’ agus ‘sucking diesel’ i measc na bhfocal nua ar foclóir.ie (Tuairisc.ie). Nuacht faoin nuashonrú suntasach a bhí déanta ag Foras na Gaeilge ar shuíomh an Fhoclóra Nua Béarla-Gaeilge le leasuithe déanta ar na mílte iontráil.

Meán Fómhair: Trí ollscoil Éireannacha i measc na cinn is fearr san Eoraip (EXtraG.ie). Agus an áit is airde ag Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, sa 31ú háit.
Deireadh Fómhair: Deontas le híoc le múinteoirí a chuireann feabhas ar a gcuid Gaeilge (Tuairisc.ie). Scéal faoi scéim phíolótach nua atá á hullmhú ag Roinn na Gaeltachta ar mhaithe le feabhas a chur ar Ghaeilge múinteoirí bunscoile agus iar-bhunscoile agus teagascóirí luathbhlianta.

Nollaig: Cuireann an Ghaeilge ‘mearbhall’ agus ‘leadrán’ ar dhaltaí bunscoile – taighde nua (Tuairisc.ie). Alt faoi thorthaí ón tuarascáil is déanaí sa tsraith taighde náisiúnta Children’s School Lives.
Tá súil againn gur bhain sibh taitneamh as an achoimre seo! Go raibh míle maith agaibh as bhur dtacaíocht an bhliain seo agus súil againn go bhfeicfimid arís sibh i 2024. Nollaig shona agus athbhliain faoi mhaise a chairde.