Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Cártaí Nollag le Gaeilge

|

Tá na dátaí deiridh chun cártaí agus bronntanais Nollag a sheoladh sa phost ag déanamh orainn go tapaidh – 11 Nollaig do Mheiriceá, 18 Nollaig don Bhreatain Mhór, 19 Nollaig don Tuaisceart, agus 21 Nollaig don stát seo. Is féidir tuilleadh eolais ar na dátaí seo a fháil ó An Post anseo.

Mar chúnamh, seo achoimre ónár nEolaire Gnó ar na cártaí Nollag gleoite le Gaeilge atá ar fáil ó chomhlachtaí éagsúla in Éirinn. Agus is féidir do ghnó a dhéanamh trí Ghaeilge leis na comhlachtaí – bain triail as an Nollaig seo!

As Gaeilge

Siopa nua ar ár n-eolaire. Is as Béal Feirste iad agus an chuid táirgí dea-dheartha ar fáil acu.

Connect The Dots Design

Is siopa ar líne é seo atá lonnaithe ar imeall Bhéal Feirste. Suíomh tarraingteach acu agus, mar a deir siad féin, ag díol ‘grá & sonas ar pháipéar’.

Ealaín Iarthar na hÉireann

Cártaí greannmhara dátheangacha ar ardchaighdeán ar fáil acu seo.

Mara Duit

Tá cártaí agus priontaí Gaelacha ar díol acu seo, agus iad ar fáil mar phacáiste nó bheartán freisin.

Mireog

Cártaí éiceabhácha atá deartha agus priontáilte i bPort Láirge.

Prints of Ireland

Priontaí, cártaí agus málaí tote iontacha á ndearadh agus á ndíol acu seo.

Smaointe

Tionscal beag baile is ea an cur síos a dhéanann siad orthu féin, ach tá rogha mhór leathan acu de chártaí!

Siopaí Eile

Is cinnte go bhfaighfeá cártaí le Gaeilge ó shiopaí eile ar líne freisin, agus iad ag díol cártaí ó na dearthóirí thuasluaite agus cártaí galanta ó dhearthóirí eile freisin, chomh maith le cártaí carthanacha:

Agus dar ndóigh, is dóichí ná a mhalairt go bhfuil cártaí le Gaeilge i siopaí áitiúla i do cheantar.

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta