Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Teachtaireacht Ghaeilge seolta ag Athletic Bilbao

| , , ,

Tá tweet i nGaeilge foilsithe ag ceann de na foirne sacair is clúití san Eoraip tar éis d’ionadaithe sacair as Éirinn a bheith ar cuairt acu ar na mallaibh.

“Ba mhór an pléisiúr é sibh a bheith anseo. Tá súil againn gur bhain sibh sult as an am a chaith sibh linn!”, ba é sin an teachtaireacht a foilsíodh ar chuntas X de chuid Athletic Bilbao, mórfhoireann sacair as Tír na mBascach atá ar an fhód le 125 bliana.

Bhí toscaireacht ó Chumann Peile na hÉireann (FAI) agus ó Shraith na hÉireann in Bilbo chun foghlaim faoin Fundazioa atá ag an chlub, funadóireacht speisialta a bunaíodh breis agus 20 bliain ó shin chun cuidiú leis an tsochaí i gcoitinne tríd an spórt.

Bhí Liam Brady ar an toscaireacht mar aon le daoine aitheanta eile ó shaol an tsacair in Éirinn.

Tá stair fhada idir Athletic Bilbao agus Éire agus i mí Lúnasa tháinig siad go Baile Átha Cliath le himirt in aghaidh Manchester United i gcluiche réamhshéasúir.

Murab ionann agus formhór na bpríomhchlubanna, is leis an lucht tacaíochta féin an club agus ó 1912 i leith tá cur chuige acu atá go hiomlán uathúil sa sacar: is sacardóirí as Tír na mBascach, nó sacardóirí a fuair oiliúint sa tír, agus iadsan amháin, a imríonn dóibh.

Ciallaíonn an polasaí seo go gcuirtear an-bhéim ar oiliúint imreoirí óga áitiúla, rud a théann chun tairbhe go mór do chur chun cinn an spóirt ar fud Thír na mBascach.

Tá polasaí an-dearfach acu fosta i leith na Bascaise, a úsáidtear, chomh maith leis an Spáinnis, sa mhargaíocht ar fad a dhéanann an club.

Aupa Athletic!

The post Teachtaireacht Ghaeilge seolta ag Athletic Bilbao appeared first on NÓS.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta