Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Tithe Tábhairne le Gaeilge

|

Cé go bhfuil meath sách suntasach tagtha ar líon na dtithe tábhairne in Éirinn, de réir tuairisce, tá na cinn ar ár nEolaire Gnó fós linn, ag freastal trí Ghaeilge ar a gcuid custaiméirí. Seo thíos rogha dóibh, agus an-chuid acu ag cur bia blasta ar fáil freisin, agus ceol traidisiúnta den chéad scoth.

Is féidir brú ar na híomhánna thíos chun níos mó eolais a fháil ar na tithe, agus má tá cinn eile mar iad ar eolas agat, bheadh sé iontach dá gcuirfeá a sonraí chugainn ag peig@cnag.ie. agus rachaimid i dteagmháil leo chun iad a chur leis ár nEolaire.

Baile Átha Cliath

Trí cinn éagsúla againn sa phríomhchathair, dhá cheann acu suite i lár na cathrach.

Ciarraí

Tá rogha iontach ag muintir Chiarraí idir na cinn seo sa Daingean agus i mBaile an Fheirtéaraigh.

Cill Dara

Tá an Town House ag déanamh a dhícheall i gCill Dara, b’fhéidir go bhfuil ceann nó dhó eile thart timpeall freisin nach bhfuil ar eolas againn?

Dún na nGall

An-chuid tithe tábhairne anseo i nDún na nGall, agus an-bhéim acu ar an gceol traidisiúnta i gcónaí.

Gaillimh

Is cinnte go bhfuil níos mó na trí cinn acu i gcontae na Gaillimhe, ach is féidir tosú leis na cinn seo sa chathair agus amuigh faoin tuath.

Port Láirge

Ar ndóigh is sa Rinn atá teach tábhairne bríomhar Tigh an Cheoil.

Moltaí Eile?

An bhfuil aon mholtaí eile agat ar thithe tábhairne timpeall na tíre a fhreastalaíonn ar a gcustaiméirí trí Ghaeilge? Cuir na sonraí chugainn ag peig@cnag.ie agus rachaimid i dteagmháil leo!

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta