Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Gníomhaíochtaí faoin aer ar fiú triail a bhaint astu

|

Arlene Ní Chonbhuí

Nach cuimhin linn go léir aimsir na paindéime nuair nach féidir linn dul thar lear nó fiú 5 chiliméadar ón teach. Bhí orainn ár saol a athrú agus aithne a chur ar, agus leas a bhaint as, ár ngnáththimpeallacht, rud b’fhéidir nach ndearnamar céanna féin.

Agus níor athraigh an scéal ó shin – tá dul chun cinn seasta suntasach sa mhéid daoine a théann amach á lorg an áit is deise chun féachaint ar dhul faoi na gréine nó chun páirt a ghlacadh sa snámh farraige, nó a bheith ag siúlóid. De réir taighde déanta ag an bPríomh-Oifig Staidrimh, thosaigh níos mó ná 40% daoine idir 18-34 gníomhaíocht nua faoin aer ó thús Covid, agus 13% de dhaoine os cionn 70 bliain d’aois. Ní mórán ionadh é go raibh níos mó suime in iarthar na tíre sa snámh farraige, seachas cnocadóireacht san iarthar láir, agus rothaíocht san oirthear.

Baile Átha Cliath

Cé gur cathair í BÁC,  tá neart áiteanna inti gur féidir le daoine suaimhneas a fháil tar éis lá fada ag obair. Tóg do bhróga agus éadaí snámha leat isteach leat san oifig ionas gur féidir leat a bheith réidh chun taitneamh a bhaint as an dea-aimsir tar éis a chúig a chlog um thráthnóna. Téigh ag snámh san fharraige i Rinn na Mara, i gCladach an Daichead Troigh agus Vico ar an taobh ó dheas, nó  thart ar Oileán an Bhulla, Cluain Tarbh nó Port Mearnóg ar an taobh thuaidh.

Comhluadar

Má tá comhluadar agus cairde á lorg agat, bain triail as grúpaí gníomhaíochtaí cosúil le Sunrise Social Dublin (@sunrisesocialdublinire).  Eagraíonn siad gníomhaíochtaí éagsúla ar nós siúlóidí, maidineacha caifé, ranganna ióga agus níos mó.  D’fhreastail mé féin ar shiúlóid um éirí na gréine leo i dTigh an Chnoic agus bhí an-chraic agus comhrá againn. Tá grúpaí eile mar iad suite timpeall na tíre agus is deis iontach iad chun bualadh le daoine nua.

Cois Farraige

Táim i gcónaí in éad le daoine a chónaíonn in aice na farraige agus na háiseanna nádúrtha a bhfuil ar leac an dorais acu. Fiú ó mo bhaile dúchais in iarthar na hÉireann, tógann sé uair an chloig sa charr chun ceann scríbe na farraige a bhaint amach.

Linn na Caillí (Nun’s Pool nó West End Pool)

Thug mé cuairt ar Bhun Dobhráin i dTír Chonaill le déanaí agus bhí mé idir ionadh agus iontas le háilleacht nádúrtha na háite. Suite ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin, bíonn an baile trá seo lán le turasóirí le linn an tsamhraidh. Má tá suim agat i snámh farraige, ba chóir duit cuairt a thabhairt ar linn taoide ar a dtugtar Linn na Caillí (Nun’s Pool nó West End Pool).  Is siúlóid ghearr é ón mbaile féin agus mholfainn do dhaoine do charr a fhágáil sa bhaile mór toisc go bhfuil an áit seo suite i gceantar cónaithe.

Linn álainn eile atá sa cheantar is ea Linn Thrupenny.

Is caitheamh aimsire iontach é a bheith san fharraige ach déan cinnte go leanann tú comhairle sábháilteachta agus súil a chaitheamh ar na taoidí.

Moltaí Eile

Tá clú agus cáil ar chuntais Instagram éagsúla ar nós @RozannaPurcell agus @Galzgonewild de bharr an méid eolais a scaipeann siad faoi ghníomhaíochtaí faoin aer. Bíonn siúlóidí á reáchtáil acu timpeall na tíre agus roinneann siad eolas faoina buntáistí agus míbhuntáistí a mbaineann leo.

Mura bhfuil aon rud le déanamh agat an deireadh seachtaine seo, b’fhéidir gur seans maith é chun taitneamh a bhaint arís as do shaol faoin aer.

 

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta